Foilsíodh le déanaí Éire Aontaithe: Deis chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a scríobh Róisín Nic Liam. Is léir go bhfuil taighde maith déanta aici ar an ábhar.
Tá níos mó dioscúrsa na laethanta seo ar Éirinn aontaithe, rud atá go maith. Ach sa dioscúrsa sin bíonn an Ghaeilge fágtha ar lár nó bíonn trácht beag amháin fúithi, go deimhin is é a bhíonn sa trácht sin formhór an ama ná iarracht fáil réidh leis an nGaeilge le haontachtaithe a shásamh. Ceartaíonn an saothar seo an t-easnamh seo.
I mo thuairim ní féidir Éire neamhspleách a bheith ann gan díchoilíniú ceart a dhéanamh. Is é croílár an díchoilínithe ná ath-Ghaelú na tíre. Go dtí go ndéantar sin beidh meon sclábhaíochta ag na Gaeil. Táimid i lár limistéir an Bhéarla. Dá bharr seo tá an dá stát ag cóipeáil gach gné den limistéar sin, seachas ár náisiúntacht féin a chruthú.
Is féidir croílár nach mór gach faidhbe in Éirinn a aimsiú sa choilíneachas seo. Tá Sinéad O’Sullivan tar éis plé a thosú air seo i dtaobh na 26 chontae, is é sin le rá go bhfuil ag teip ar an stát de bharr go bhfuil na polaiteoirí ag sodar ina ndiaidh cumhachtaí móra seachas ar leas a phobail féin. Tá teip ar stát na 6 chontae ón cruthaíodh é in 1922. Nuair a cruthaíodh an Saorstát in 1922, ní dhearnadh aon athrú, ach lean an stát ar aghaidh ag déanamh an mhéid a bhí rialtas Westminster á dhéanamh in Éirinn seachas mionathruithe anseo agus ansiúd. Níor athraíodh an córas dlí, na dlíthe fiú amháin, an teanga oibre agus an státchóras.
Samhlaigh, ó bunaíodh an stát ní dhearnadh aon athchóiriú ar an státchóras a bhí ag feidhmiú roimh 1922 ar son leas Shasana in Éirinn. Cuid den leas sin ba ea fáil réidh leis an nGaeilge.
Le céad bhliain anuas feictear go bhfuil níos lú cainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di ná riamh. Ní gá a rá go raibh an stát Oráisteach naimhdeach don Ghaeilge.
In 1922 bhí limistéir Ghaeltachta i gcúig cinn de na sé chontae. In 1981 fuair an cainteoir dúchais traidisiúnta deireanach bás ar Reachlainn. Mar sin is gá an córas frith-Ghaelach seo a scriosadh agus tosú ón nua nuair a imeoidh arm Shasana ó Éirinn.