Bréag gan náire, mar a mhalairt atá fíor!

Déanann Eoin Ó Murchú machnamh ar fheachtas bolscaireachta an AE i leith saoirse cainte agus ar an bhfhírinne a bhréagnaíonn é.

Eoin Ó Murchú

Má shiúlann tú isteach i stáisiún Heuston, Baile Átha Cliath, ar do bhealach go Gaillimh b’fhéidir, tá an póstaer seo os do chomhair amach: Saoirse Cainte – Cosain an rud atá tábhachtach.

Ba bhreá an mana é, dá mbeadh sé fíor. Ach níl sé fíor. Thar aon institiúid eile inár saol inniu is é an tAontas Eorpach a chleachtann cinsireacht agus cur faoi chois argóintí a thagann salach ar an líne oifigiúil.

Tógaimis na cogaí móra atá ar siúl faoi láthair, san Úcráin agus san Iaráin. Le tuiscint cheart a fháil ar na cogaí sin, agus ar an mbealach atá siad ag oibriú amach, bheadh sé riachtanach argóintí ón dá thaobh a chloisteáil.

Ach tá cosc curtha ag an Aontas Eorpach ar iarrachtaí rochtain ar sheirbhísí nuachta na Rúise mar shampla. Déan iarracht teacht ar Russia Today, seirbhís nuachta a bhfuil Éireannach ag obair ann fiú. Tá sé faoi chosc.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.