
Bronnadh duaiseanna ar bhuaiteoir Fhéile Náisiúnta Scoildrámaíochta 2026 ag ócáid speisialta i gClasaċ, Cluain Tarbh, Co. Bhaile Átha Cliath, le déanaí, i ndiaidh seachtain mhór de léirithe den scoth in Ionad Ealaíon an Mhuilinn Chearr, Co. na hIarmhí.
Léiríodh breis agus dhá scór dráma ag an bhféile i ndeireadh mhí Aibreáin, le bunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus ógeagraíochtaí ó gach cearn den tír ag glacadh páirte i gceiliúradh mór náisiúnta ar an drámaíocht Ghaeilge. Bronnadh plaic aitheantais ar gach rannpháirtí mar chomhartha buíochais as a gcuid iarrachtaí agus cruthaitheachta.
Dúirt Muireann Ní Dhroighneáin, Comhordaitheoir Náisiúnta Taibhealaíon an Oireachtais, gur éacht ar leith a bhí déanta ag na scoileanna agus na heagraíochtaí uile, agus ghabh sí buíochas leis an gCumann Scoildrámaíochta, le foireann Ionad Ealaíon an Mhuilinn Chearr, agus leis na moltóirí Fil Uí Dhubhghaill agus Seán de Búrca as a gcuid oibre coinsiasaí.
I measc phríomhbhuaiteoirí na gcomórtas bhí Triail Chinnín Óir ó Scoil Náisiúnta Taobhóige, Leifear, mar bhuaiteoir Chomórtas 2b agus mar bhuaiteoir Nuadhráma na Féile, Na Trí Bhéar ó Bhunscoil Chnoc na gCor, Trí Leac, Scoil an Racanról ó Scoil Náisiúnta Iósaf Naofa, Dún Dealgan; Tír na nÓg ó Scoil Adhamhnáin, an Luinnigh, Searlaí agus an Mhonarcha Seacláide ó Ghaelscoil Phroinsias Naofa, Ard Mhacha, agus Turas de Dhomhain níos fearr ó SN Mhic Dara, an Cheathrú Rua.
Bhuaigh Oisín i dTír na nÓg ó Ghaelscoil Mhic Amhlaigh, Liam Leisciúil ó Ghaelscoil Mhic Easmainn, Scartha ó Scoil na mBráithre, an Ómaigh, BRÓD ó Choláiste Chroí Mhuire, Codladh Céad Bliain ó Ghaelscoil Mhic Amhlaigh, Matilda ó Ghaelscoil an Bhradáin Feasa, An Seo is Mó ó Ghaelcholáiste Cheatharlach, Na Rapairí ó Aisteoirí Óga Charn Tóchair, agus Na Criáin Cráite ó Ghaelscoil Ultain, Muineachán.
Ba é Na Criáin Cráite Scothléiriú iomlán na féile, agus bronnadh Corn Genesis ar Scoil Chnoc na Naomh, Doire Chonaire.
I measc na nduaiseanna speisialta ba é Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc an bhunscoil is fearr, Scoil Sailearna an bhunscoil Ghaeltachta is fearr, agus Gaelcholáiste Cheatharlach an pobalcholáiste is fearr.
Bronnadh duaiseanna an mholtóra ar Scoil Cholmcille, Ros an Mhíl, Ghaelscoil Phroinsias Naofa, Scoil Mhaolchéadair, agus Gaelscoil Dara, agus bhronn Ionad Ealaíon an Mhuilinn Chearr gradaim aisteoireachta ar Raifiki in Rí na Leon agus ar Fhéilimí in Tír na nÓg.
Léirigh féile na bliana seo arís beocht, tallann agus fuinneamh na drámaíochta Gaeilge i measc dhaoine óga na tíre.