Uisce faoi thalamh i dtacaíocht d’fhórsaí frithrialtais sa tSaihéil

Cathal Ó Murchú

Ó díbríodh páirtithe leasmhara de chuid stát na Fraince amach as tíortha sa tSaihéil in iarthar na hAfraice, le ceannairí frithchoilíneacha i réim cosúil leis an Nígir, Buircíne Fasó agus Mailí go háirithe, tá méadú tagtha ar fhórsaí míleata a chuireann i gcoinne na rialtas frithchoilíneach sin. Tá na trí thír seo ina gcomhghuaillithe le chéile ar bhonn frithchoilíneach, dírithe i gcoinne smacht iarchoilíneach, nó nuachoilíneach le bheith níos cruinne, na Fraince sa réigiún seo den domhan, réigiún a bhí mar chuid d’Impireacht na Fraince go dtí 1960.

Tar éis an neamhspleáchais lean nuachoilíneachas na Fraince agus an dúshaothrú ar acmhainní saibhre an réigiúin, acmhainní cosúil le húráiniam, ór agus neart eile. Bhí an nuachoilíneachas seo smacht na bhFrancach bunaithe ar rialtais a bhí in ainm is a bheith ceannasach. Seachas tréimhse ghairid sna 1980í, nuair a bhí Thomas Sankara i gceannas i mBuircíne Fasó, ní raibh an méid sin dúshláin i gcoinne chumhacht na Fraince.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.