Éire agus na Comhaontuithe Artemis

John Donovan

An tseachtain seo caite shínigh an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke TD, Comhaontuithe Artemis thar ceann na hÉireann i gceanncheathrú NASA in Washington. Is í Éire an séú tír is seasca a chuaigh isteach sa chomhaontú. Tá na comhaontuithe mar chuid de phlean níos leithne daoine a chur ar ais go dtí an Ghealach agus bunáiteanna buana a thógáil uirthi. Tá siad ceangailte le clár Artemis de chuid NASA. D’éirigh le misean dul timpeall na Gealaí an mhí seo caite.

Cuireadh na comhaontuithe le chéile in 2020, le linn chéad rialtas Donald Trump. Deir lucht tacaíochta gur creat comhoibrithe atá iontu, le rialacha maidir le húsáid shíochánta an spáis. Ach tá imní ar dhaoine áirithe gur straitéis é seo ag rialtas na Stát Aontaithe agus ag billiúnaithe cumhachtacha ar nós Elon Musk agus Jeff Bezos. Dar leo, is é an sprioc ná mianadóireacht a dhéanamh ar an nGealach agus smacht a fháil ar na hacmhainní is luachmhaire atá inti.

Tá ceist an dlí idirnáisiúnta i gceist freisin. Faoi Chonradh an Spáis Amuigh de chuid na Náisiún Aontaithe, ní féidir le tír ar bith úinéireacht a éileamh ar an nGealach ná ar aon rinn neimhe eile. Tá léamh ar leith déanta ag na Stáit Aontaithe ar an dlí sin. Faoin Commercial Space Launch Competitiveness Act 2015, ní féidir le saoránaigh ná le comhlachtaí Meiriceánacha an Ghealach féin a bheith ina seilbh acu. Ach is féidir leo acmhainní a bhaineann siad amach as an spás a shealbhú, a cheannach agus a dhíol.

Osclaíonn sé sin an doras do mhianadóireacht ar an nGealach. Lean tíortha eile an sampla céanna. Tá cearta tugtha ag Lucsamburg, an tSeapáin agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha do chomhlachtaí acmhainní spáis a úsáid. Leanann Comhaontuithe Artemis an cur chuige céanna. 

Tá suim tráchtála sa spás ag fás go tapa. Measann an Fóram Eacnamaíochta Domhanda agus McKinsey go bhféadfadh geilleagar an spáis luach $1.8 trilliún a bhaint amach faoi 2035. Meastar freisin gur fiú thart ar $127 billiún geilleagar na Gealaí a bheith sa bhliain faoi 2050. Tá comhlachtaí príobháideacha i gcroílár na forbartha seo. Tá SpaceX, agus Blue Origin, a bhunaigh Jeff Bezos, ina n-imreoirí móra sna pleananna do bhunáit ar an nGealach.

Tá suim mhór in acmhainní na Gealaí. D’fhéadfadh oighear uisce cabhrú le daoine maireachtáil ann, nó d’fhéadfaí é a úsáid mar bhreosla. Tá suim ann freisin i héiliam-3, iseatóp annamh atá le fáil ar an nGealach. D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach don ríomhaireacht chandamach, do theicneolaíochtaí a bhaineann leis an intleacht shaorga, agus mar bhreosla féideartha don fhuinneamh comhleá amach anseo. Tá gné gheopholaitiúil leis seo freisin. Níl an tSín ná an Rúis páirteach sna comhaontuithe agus tá a bpleananna féin acu don Ghealach.

Deir criticeoirí gur anseo a thosaíonn na fadhbanna. Dar leo, d’fhéadfadh na comhaontuithe mianadóireacht ar an nGealach a chur chun cinn sula mbeidh comhaontú iomlán domhanda ann. D’fhéadfadh tíortha cumhachtacha agus comhlachtaí móra smacht a fháil, i ndáiríre, ar na háiteanna is luachmhaire ar an nGealach, fiú mura bhfuil úinéireacht oifigiúil acu orthu.

Ag cur fáilte roimh chinneadh na hÉireann, dúirt Riarthóir NASA, Jared Isaacman, go raibh Éire ag dul isteach i ‘bpobal tíortha atá ar aon intinn agus atá tiomanta d’iniúchadh síochánta, trédhearcach agus freagrach ar an spás’. Ach taobh thiar de na focail sin, tá réaltacht tráchtála ann. Ní bhaineann na comhaontuithe le taiscéalaíocht amháin. Baineann siad freisin le tionchar, le rialacha agus le rochtain ar acmhainní an spáis. Bíodh sé lena leas nó lena haimhleas, tá Éire anois mar chuid den chóras sin.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.