Anonn is anall maidir le maoiniú tionscadail logainmneacha

Jack Mac Íomhair

Bhí todhchaí Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann i mbaol ag tús na seachtaine, ach tá cuma ar an scéal go bhfuil maoiniú don tionscadal deimhnithe anois.

Thosaigh an t-achrann ag tús na seachtaine nuair a fógraíodh go mbeidh deireadh leis an mhaoiniú a chuirtear ar fáil don tionscadal. 

Dúirt an tAire Pobail Gordon Lyons nár ghlac sé féin aon chinneadh chun deireadh a chur leis an mhaoiniú. Dúirt Lyons go raibh an tionscadal maoinithe ag an Roinn Airgeadais agus chuir siad féin deireadh leis an tacaíocht i mbliana. De réir an Aire Lyons bhí an Roinn Airgeadais ag iarraidh an dualgas a aistriú go dtí a roinnse.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Airgeadais gur aistríodh an dualgas maidir le Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann ón Roinn Airgeadais go dtí an Roinn Pobail in 2022.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!