Conall Ó Máirtín Ceaptha i bPost Sinsearach le Foras na Gaeilge

Tá Conall Ó Máirtín ceaptha mar Leas-Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais ar Fhoras na Gaeilge, i mbogadh suntasach don eagraíocht agus í ag tabhairt aghaidh ar thréimhse mhórathraithe i gcúrsaí Gaeilge agus oideachais ar fud an oileáin.

D’fhógair Foras na Gaeilge an ceapachán Dé Máirt an 5 Bealtaine, agus chuir Príomhfheidhmeannach na heagraíochta, Seán Ó Coinn, fáilte mhór roimh an cheapachán nua. Dúirt sé go bhfuil Ó Máirtín ag teacht isteach sa ról ag am ríthábhachtach, agus claochlú faoi lán seoil i gcúrsaí Gaeilge ó thuaidh chomh maith le hathruithe leanúnacha san earnáil oideachais ó dheas.

Mhol Ó Coinn an taithí fhairsing atá ag Ó Máirtín mar mhúinteoir, mar léachtóir agus mar cheannródaí i réimse na meán agus an oideachais. Dar leis, beidh buntáiste faoi leith ag Foras na Gaeilge as a thuiscint ar dhúshláin agus ar dheiseanna na Gaeilge, go háirithe i gcomhthéacs fhorbairt na teanga ó thuaidh.

Is as Tír Eoghain do Chonall Ó Máirtín agus tá breis agus fiche bliain caite aige ag obair in  earnáil an Ghaeloideachais. Chuir sé tús lena ghairm bheatha i gColáiste Chaitríona, Ard Mhacha, sular chaith sé seal mar léachtóir i gColáiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste.

Tá cúlra acadúil láidir aige chomh maith, le céimeanna sa dlí, san oideachas agus sa Nua-Ghaeilge bainte amach aige ó roinnt institiúidí aitheanta, ina measc Ollscoil na Banríona agus Ollscoil Uladh.

Le blianta beaga anuas tá aithne níos forleithne air mar gheall ar a chuid oibre sna meáin. Bhí róil shuntasacha aige le BBC Gaeilge agus TG4 araon, agus ó 2022 bhí sé ina Eagarthóir Oideachais le TG4, áit ar chuidigh sé le forbairt acmhainní teagaisc, ábhar foghlama agus tionscadail ar nós Fís Scoile TG4.

Chomh maith leis sin tá baint láidir aige leis an spórt, mar thráchtaire agus láithreoir, agus mar iar-imreoir agus bainisteoir peile.

Thosaigh Ó Máirtín ina phost nua in oifigí Fhoras na Gaeilge i mBéal Feirste ag tús mhí na Bealtaine, agus táthar ag súil go mbeidh tionchar suntasach aige ar threoir oideachais agus ar chur chun cinn na Gaeilge sna blianta amach romhainn.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.