Tá billí leictreachais do theaghlaigh in Éirinn na sé chontae is fiche níos airde ná aon áit eile san Aontas Eorpach, le teaghlaigh ag íoc €480 níos mó in aghaidh na bliana ná meánmhéid na hEorpa. Íoctar 40.42 cent in aghaidh cileavatuaire in Éirinn i gcomparáid le 28.96 cent don mhéid céanna leictreachais ar an meán san Eoraip, thart ar 40% níos mó. Ina theannta sin, tháinig ardú 32.7% ar phraghas an leictreachais in Éirinn idir mí Iúil agus mí na Nollag 2025 i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2024. San Ungáir íoctar an praghas is ísle san Aontas Eorpach, 10.82 cent in aghaidh na cileavatuaire.
Tá gach cosúlacht ar an scéal go rachaidh na cúrsaí seo in olcas i mbliana le cogadh ar siúl in iarthar na hÁise idir comhghuaillíocht Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Iosrael i gcoinne Phoblacht Ioslamach na hIaráine. Mar fhreagra ar an ionsaí gan choinne a rinne an chomhghuaillíocht seo ar an Iaráin, tá na hIaránaigh tar éis Caolas Hormuz a dhúnadh. Os rud é go sruthaíonn idir 20% agus 25% d’acmhainní hidreacharbóin an domhain, lena n-áirítear ola agus gás nádúrtha, tríd an gCaolas seo, ní féidir ach drochthionchar a bheith ar phraghas na n-acmhainní riachtanacha seo.
Rud eile nach gcabhróidh le praghas an leictreachais ná an beart atá ag an rialtas leis na lárionaid sonraí sa bhreis a thógáil, in ainneoin an méid sin fuinnimh a úsáideann siad. Tá 24% den leictreachas in Éirinn na sé chontae is fiche in úsáid ag na lárionaid seo, méadú ón 5% a bhí in úsáid in 2015, méadú is léir atá thar a bheith suntasach. In 2024 mhéadaigh caitheamh an leictreachais ó 6,335 gigeavatuair ag tús na bliana sin go 6,969 gigeavatuair faoi dheireadh na bliana céanna, ardú 10% san aon bhliain amháin!