Tús curtha arís leis an fhiosrúchán phoiblí maidir le Dalradian

Cuireadh tús leis an fhiosrúchán maidir le mianadóireacht i Muintir Luinigh Dé Luain

Jack Mac Íomhair

Sliabh Speirín

Tá tús curtha leis an fhiosrúchán phoiblí maidir le pleananna an chomhlacht Cheanadach, Dalradian, mianadóireacht a dhéanamh i Sliabh Speirín. 

Tá sé beartaithe ag Dalradian beagnach 100 tonna d’ór, 50 tonna d’airgead, agus 15,000 tonna de chopar a bhaint ó shuíomh i gCorrach an Ealta in aice leis an Chaisleán Glas i Muintir Luinig i gCo. Thír Eoghain.

Dúirt siad go raibh a n-iarratas pleanála fá choinne mianach faoi thalamh freagrach ó thaobh an chomhshaoil, agus claochlaitheach ó thaobh an gheilleagair de. 

Tá an grúpa Sábháil ár Sliabh Speirín ag eagrú feachtas in éadan na bpleananna. Tá sé ráite acu ag tús na seachtaine go mbeidh sláinte phoiblí agus an comhshaol i mbaol má leantar ar aghaidh leis na pleananna. 

Dúirt cisteoir an ghrúpa, Fidelma O’Kane go bhfuil siad buartha faoin uisce, faoin aer, faoin talamh agus faoint tsláinte, na rudaí is bunúsaí le go mairfidh muid. 

Dúirt sí fosta nach bhfuil mórán i gceist leis na hocht seachtaine a bheas an fiosrúchán ar siúl as siocair go bhfuil feachtas á eagrú acu le deich mbliana anuas. 

Tá sé ráite aici fosta go bhfuil siad ag iarraidh sábháilteacht Shliabh Speirín a chinntiú do na chéad glúine eile. 

Cuireadh an t-iarratas fá choinne an mhianaigh isteach in 2017, agus rinneadh leasú air in 2019 chun úsáid ciainíde a bhaint ón phlean. 

Lorg an t-iar-Aire Bonneagair Nichola Mallon an fiosrúchán in 2021. 

Cuireadh an fiosrúchán ar fionraí i mí Eanáir 2026 i ndiaidh dhá lá go leith. Tháinig sé chun solais ansin gur sháraigh an Roinn Bonneagair a rialacháin féin nuair a theip orthu fógra a thabhairt don rialtas ó dheas agus Comhairle Contae Dhún na nGall maidir leis an iarratas ar chead pleanála. 

Ní bheidh aon ionadaí ó na húdaráis stáit ó dheas ag freastal ar an fhiosrúchán. Dúirt coimisinéir an fhiosrúcháin, Jackie McParland, go bhfuair gach údarás stáit cuireadh.

Beidh an fiosrúchán ag suí ar feadh ar a laghad lá agus fiche idir na hocht agus na deich seachtaine amach romhainn.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.