
Bean uasal aoibhinn chuideachtúil fháilteach ab ea í Máire Ní Bhraonáin, a cailleadh oíche Dé Luain an 13 Aibreán 2026 agus í 73 bliain d’aois.
Ina theannta san bhí sárbhua ceoil aici sna réimsí éagsúla a bhaineann leis an ealaín seo, rud a léirigh sí go gléineach i gcaitheamh a saoil mar oirfideach, mar chóireálaí, mar chumadóir idir cheoil agus liricí agus mar léiritheoir.
Bhí tuiscint annamh aici ar chroí agus ar chorp an cheoil, agus bhí bua ar leith aici an nóta, an córda nó an frása cuí a aimsiú gan stró. Bhí sí i dtiúin leis an gceol ar feadh a saoil, agus thug sí misneach agus tacaíocht do cheoltóirí eile, agus don dream óg go háirithe.
Bhí sí fial flaithiúil lena cuid ama, agus b’ábhar mór bróid di an borradh a tháinig san oíche Clube’ i dtábhairne a muintire, Tábhairne Leo, ón mbliain 2013 i leith. Thug Clubeo taithí stáitse agus deis oirfideachta do dhaoine óga a bhí ag teacht chun cinn, agus ócáid ar a mbuailfidís lena leithéidí eile a bhí ag saothrú san earnáil cheana féin le blianta anuas.
Ach is lena guth draíochtúil a mheall sí na sluaite ar an gcéad éisteacht, lena teacht i láthair barántúil paiseanta. Labhair sí leis an slua mar a labharfadh sí le cara a bheadh ag ól braon tae ina teannta, agus ní raibh aon ní ait ná aduain ag baint leis an méid sin. Bhí sí fírinneach ionraic agus sheas sí an fód don cheart agus don chóir.
Bhí sé de phribhléid agam seinm léi ó uair go chéile, ar stáitse agus sa stiúidió, agus is saibhrede sin mo shaol. Bhí an fhoghlaim, an léargas agus an tacaíocht ina ndlúthpháirtithe sna tograí sin, agus fanfaidh na cuimhní geala agam orthu agus ar Mháire agus a muintir, ar ndóigh. Samhlaím anois féin í ag soilsiú na slí agus í ina lóchrann dóchais do na glúine atá le teacht.
Solas na bhFlaitheas agus leaba i measc na naomh go raibh aici, agus sólás ina mbris ag a muintir agus a cairde uile.