Mairéad Ní Fhátharta tofa mar Thánaiste Chonradh na Gaeilge

Cóilín Duffy

Toghadh Mairéad Ní Fhátharta mar Thánaiste nua Chonradh na Gaeilge don bhliain amach romhainn ag an gcéad chruinniú den Choiste Gnó nuacheaptha, a reáchtáladh an deireadh seachtaine seo caite.

Is as Inis Meáin ó dhúchas do Mhairéad, agus tá cáil uirthi mar cheannródaí i réimsí an oideachais agus na forbartha pobail sa Ghaeltacht. Faoi láthair tá sí ina príomhoide ar Choláiste Naomh Eoin, áit a bhfuil sí tar éis cur go mór le forbairt an tumoideachais lán-Ghaeilge agus le cothú féiniúlachta teanga i measc daltaí ó phobail Ghaeltachta.

Le blianta beaga anuas tá ról lárnach ag Mairéad i dtionscnaimh pleanála teanga agus i bhforbairt pobail ar Inis Meáin. Mar chathaoirleach ar chomhlacht forbartha agus ar phleanáil teanga an oileáin, chomh maith lena ról mar chathaoirleach ar Mheitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge, tá sí tar éis obair leanúnach a dhéanamh chun tacú le pobail Ghaeltachta agus chun an Ghaeilge a neartú ina croíphobail féin.

Léiríonn a ceapachán mar Thánaiste a tiomantas fadtréimhseach don Ghaeilge agus an fhís shoiléir atá aici don todhchaí. Ag labhairt di i ndiaidh a tofa dúirt sí gur “cúis ollmhór bhróid agus áthais” di an ról a ghlacadh.

“Creidim go láidir gur cheart guthanna phobal na nGaeltachtaí a bheith i gcroílár gach cinnidh faoi thodhchaí ár dteanga,” a dúirt sí. “Táim tiomanta seasamh le muintir na Gaeltachta, chun a chinntiú go gcloistear agus go dtacaítear leis na guthanna sin, taobh le pobal na Gaeilge ar fud an oileáin chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a neartú.”

Chuir Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, fáilte mhór roimh an gceapachán, ag moladh thaithí agus dhúthracht Mhairéad.

“Tugann Mairéad Ní Fhátharta taithí, fís agus dúthracht eisceachtúil chuig an ról seo,” a dúirt sé. “Tá tionchar leanúnach aici ar oideachas, ar phleanáil teanga agus ar fhorbairt pobail, go háirithe sa Ghaeltacht. Tagann an ceapachán ag tráth cinniúnach agus géarchéim thithíochta le réiteach sna ceantair Ghaeltachta.”

Idir an dá linn, labhair Pádraig Ó Foghlú, bainisteoir forbartha le Comhlacht Forbartha Inis Meáin, go dearfach faoin gceapachán, ag rá gur “rud iontach” é don oileán agus don Ghaeltacht trí chéile.

“Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh guth láidir ag pobal na Gaeltachta anois,” a dúirt sé le An Páipear. “Tá muid ag tabhairt gach tacaíocht di ina ról nua agus guímid gach rath uirthi sa todhchaí.”

Meastar go mbeidh ról lárnach ag Mairéad Ní Fhátharta sna feachtais atá rompu amach, go háirithe i réimsí na tithíochta, an oideachais, an mhaoinithe agus ceart teanga ar fud na tíre.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.