Tá raic leanúnach ar siúl idir Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump agus an Pápa Leon XIV. Ó ceapadh Leon ina Phápa i mí na Bealtaine 2025 cheap an-chuid daoine go mbeadh sé ag cáineadh Trump. D’fhán sé ciúin go dtí gur ionsaigh na Stáit Aontaithe an Iaráin. Is léir gur thosaigh an raic seo nuair a dúirt an Pápa i ráiteas na Cásca nach n-éisteann Íosa le páidreacha na ndaoine a dhéanann cogadh, go ndiúltaíonn sé iad. Cé nár luaigh sé Trump, dúirt sé an méid a dúirt nuair a bhí Iosrael agus Meiriceá ag leagan buamaí ar an Iaráin.
D’fhreagair Trump le ráiteas ar a ghréasán sóisialta féin Truth Social ag rá go raibh an Pápa lag maidir leis an gcoiriúlacht, agus thug sé le fios gur chreid Leon go raibh sé ceart go leor airm núicléacha a bheith ag an Iaráin. D’fhreagair an Pápa é féin ráiteas Trump ag rá nach raibh eagla air roimhe. Chomh maith leis sin chuir Trump íomhá de dhéantús na hintleachta saorga ar Truth Social de féin ag fáil barróg ó Íosa Críost. San íomhá tá Trump ag seasamh os comhair brat Mheiriceá ag labhairt ar árdán. I bhfoscríbhinn dúirt sé nach taitneodh an pictúir le lucht na heite chlé.