Rialtas níos laige tar éis do bheirt teachtaí Dála imeacht, agus ceannasaíocht an Taoisigh i mbaol

Cathal Ó Murchú

Tá an rialtas faoi cheannas an Taoisigh Micheál Martin sna sé chontae is fiche níos mó i mbaol titim ó tharraing na deartháireacha Michael agus Danny Healy-Rae, teachtaí Dála neamhspleácha ó Chiarraí, a dtacaíocht don chomhrialtas siar.  

Níl anois ach móramh beag ag an rialtas, agus tá míshástacht léirithe go hoscailte ag teachtaí Dála Fhianna Fáil faoi cheannasaíocht Martin. Tagann an ghéarchéim seo sna sálaí ar na hagóidí breosla a d’eagraigh feirmeoirí, conraitheoirí talmhaíochta agus tiománaithe leoraí, daoine atá thíos go mór leis maidir le harduithe leanúnacha ar phraghas an bhreosla, díosal ach go háirithe.

Bhí agóidí breosla ann ó Luan go Satharn na Cásca inar cuireadh bacanna i bhfeidhm in áiteanna straitéiseacha ar fud na tíre, lena n-áirítear Sráid Uí Chonaill agus Céanna Bhaile Atha Cliath, Scaglann an Gheata Bháin i gCorcaigh, Calafort Fhainge i Luimneach, Calafort Ros Láir i Loch Garman agus  Calafort Chathair na Gaillimhe. Le linn sheachtain na hagóide rinne an rialtas neamhaird ar éilimh na n-agóideoirí praghas an bhreosla a laghdú agus bhagair siad arm an stáit a úsáid le bacanna agóide a bhaint. Sa deireadh bhain an rialtas feidhm as Aonad an Gharda Síochána um Ord Poiblí leis na bacanna a scor.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.