Cóilín Duffy
Beidh Comórtas Peile na nOileán ar siúl an deireadh seachtaine seo ar Inis Mór, Oileáin Árann, agus tá súil le sluaite móra ó oileáin éagsúla na tíre ag teacht le chéile don ócáid bhliantúil thábhachtach seo. Is imeacht spóirt agus pobail é a mheallann imreoirí, lucht tacaíochta agus teaghlaigh araon, agus a chuireann béim ar an gcairdeas, ar an gcultúr agus ar an bhféiniúlacht oileánda chomh maith leis an iomaíocht ar an bpáirc.
Beidh an comórtas ar siúl ar an Satharn den chuid is mó, agus cuirfear tús leis na cluichí go luath ar maidin, ag a naoi, agus leanfaidh siad ar aghaidh gan stad go dtí tráthnóna. De réir Pharaic Ruairí Beag Uí Fátharta, duine de lucht eagraithe an chomórtais, is buntáiste mór é an lá fada samhraidh ag an am seo den bhliain. “Má bhíonn an aimsir linn, bíonn lá fada againn agus is féidir linn na cluichí ar fad a chur i gcrích idir maidin agus tráthnóna,” a dúirt sé le An Páipéar.
Tá formáid an chomórtais bunaithe ar chóras grúpaí, agus téann na foirne is fearr ar aghaidh chuig na céimeanna cnagchomórtais. I bpeil na bhfear imrítear cluichí 11 an taobh ar pháirc iomlán, agus bíonn 10 nóiméad an leath i gceist sna cluichí grúpa. I gcás na gcluichí leathcheannais agus ceannais, leathnaítear an fad go 15 nóiméad an leath. I bpeil na mban, imrítear cluichí seachtar an taobh trasna na páirce, le dhá chluiche ar siúl ag an am céanna chun luas an chomórtais a choinneáil suas.