Fógraíodh ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh gur ceapadh peileadóir de chuid na Gaillimhe, Seán Ó Maoilchiaráin, mar Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael don bhliain 2026. Is céim thábhachtach í seo i gcur chun cinn na Gaeilge laistigh den eagraíocht, agus rogha a léiríonn an meas atá ag an gCumann ar thiomantas agus ar chúlra teanga an imreora ó Inis Mór.
Is cuid lárnach de shaol Uí Mhaoilchiaráin í an Ghaeilge, agus mar dhuine de phobal Oileáin Árann, tá nasc láidir aige leis an teanga agus leis an gcultúr Gaelach. Dúirt sé gur “mhór an onóir” dó an ról a ghlacadh air féin agus go bhfuil sé ag tnúth leis an deis daoine a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ina saol laethúil. Tá súil aige go mbeidh tionchar dearfach aige ar bhaill CLG ar fud na tíre agus thar lear.
Mar chuid dá chúraimí nua, beidh sé páirteach i raon tionscnaimh Ghaeilge a bhaineann leis an gCumann, lena n-áirítear Cuaille, iris Ghaeilge ar líne CLG, obair le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, agus cur chun cinn podchraoladh nua staire dar teideal CLG – Gluaiseacht. Beidh sé bainteach freisin le himeachtaí móra ar nós Chomórtas Peile na Gaeltachta, rud a thugann deis dó nascadh leis na pobail Ghaeltachta ar fud na tíre.