Tá an rialtas lagaithe go mór ag na hagóidí breosla

Eoin Ó Murchú

Meas tú an dtuigeann Michael Healy-Rae rud éigin nach dtuigeann an rialtas? Tá clú ar an bhfear céanna go gcoinníonn sé a chluasa gar don talamh agus go bhfuil a fhios aige cén chaoi a airíonn na daoine a thugann vóta dó. Seans maith go dtuigeann sé i gceart iad.

Tá an rialtas ag maíomh nár bhuaigh an lucht agóide orthu, nó ar a laghad tá Dara Calleary á mhaoímh.

Ach cé gur éirigh leis an rialtas sa vóta muiníne, tá an chuma ar an scéal go bhfuil dochar mór déanta dó. Bua don lucht agóide nó teip don rialtas?

Is é an ghné is measa den scéal ámh ná go bhfuil gach cuma air go mbeidh scéal an bhreosla ag dul in olcas.

Braitheann sé sin ar cé comh fada is a mhairfidh an cogadh, agus an bac ar onnmhairiú ola trí Mhurascaill na Peirse agus Caolas Hormuz.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.