Is le fada an lá atá an Ghaeilge ceangailte le hoideachas, cultúr agus pobal. Ach le blianta beaga anuas tá sí ag teacht chun cinn go láidir mar acmhainn eacnamaíoch chomh maith. Tá athrú meoin le sonrú. Ní bhreathnaítear ar an nGaeilge níos mó mar ualach ar ghnólachtaí, ach mar dheis shoiléir chun idirdhealú a dhéanamh agus luach breise a chruthú.

Tá obair mhór ar bun ag eagraíochtaí ar nós Fhoras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus Bhaile Átha Cliath le Gaeilge chun tacú leis an earnáil gnó. Trí infheistíocht, oiliúint, acmhainní agus líonraí, tá siad ag tabhairt muinín do ghnólachtaí an Ghaeilge a úsáid ina gcuid seirbhísí agus margaíochta. Ní hamháin go gcuireann sé seo leis an íomhá phoiblí, ach cruthaíonn sé nasc níos doimhne leis an bpobal, rud atá fíorluachmhar i margadh iomaíoch an lae inniu.

Tá aitheantas á thabhairt don dul chun cinn seo freisin. Tá Gradam Gnó Ghlór na nGael anois ina ardán tábhachtach chun gnólachtaí a cheiliúradh a chuireann an Ghaeilge i gcroílár a gcuid oibre. Léiríonn na buaiteoirí bliain i ndiaidh bliana nach gá aon choimhlint a bheith idir rath tráchtála agus cur chun cinn na teanga. A mhalairt ar fad, is minic a théann siad lámh ar láimh.

Ach in ainneoin an dul chun cinn, tá ceisteanna fós le freagairt. An bhfuil go leor déanta chun tacú le gnólachtaí beaga agus meánmhéide? An bhfuil an tacaíocht chéanna ar fáil ar fud na tíre, nó an bhfuil bearna idir cathair agus tuath, Gaeltacht agus ‘galltacht’? Agus an bhfuil an stát féin ag tabhairt dea-shampla ina chuid seirbhísí féin?

Más mian linn an Ghaeilge a bheith ina teanga bheo, ní mór di a bheith lárnach i ngach gné den sao, an geilleagar san áireamh. Tá an fhianaise ann anois go bhfuil gnólachtaí sásta an chéim sin a thógáil. Is é an cheist mhór, an leanfaimid orainn ag cothú an mhisnigh sin, nó an ligfimid don deis seo sleamhnú uainn?

Tá an todhchaí fós le scríobh, ach tá sé soiléir go bhfuil an Ghaeilge agus an gnó ag teacht le chéile ar bhealach nach bhfacthas riamh cheana.

Cóilín Duffy

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.