Muintir na Rinne i mBaile Átha Cliath ar buile faoin tithíocht

Eoin Ó Murchú

Tá cónaitheoirí na Rinne i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath feargach faoin tógálaí Johnny Ronan toisc, a deir siad, go bhfuil sé ag iarraidh dul siar ar ghealltanais tithe sóisialta a chur ar fáil ar sheansuíomh an chomhlachta Irish Glass Bottle sa cheantar.

Deir siad gur gealladh soláthar tithíochta inacmhainne in 2018 nuair a tugadh cead pleanála don fhiontar beagnach 4,000 teach a chur ar fáil go tapa, tithe inacmhainne agus tithe sóisialta ina measc.

Deir siad de réir an phríomhphlean atá ceangailteach ó thaobh dlí de, chomh maith le hoibleagáid reachtúil, gur chóir 10% de na tithe a bheith ar fáil mar thithe sóisialta, agus 15% eile a leithdháileadh ar thithíocht shóisialta agus inacmhainne.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.