An tráth seo bliana, i bpáirceanna agus i ngairdíní, is féidir an t-uafás bláthanna bána a fheiceáil ar roinnt crann. Is cineálacha éagsúla crann silíní iad seo, agus cé go bhfuil siad go hálainn, is é an rud iontach fúthu ná nach mbeidh silíní orthu choíche. Tá siad neamhthorthúil. Is é an íoróin gur líonmhaire agus gur flúirsí na bláthanna seo, foirmeacha nádúrtha a bhfuil de chuspóir acu pailneoirí a mhealladh chun cabhrú le h-iomadú na speiceas, i gcrainn neamhthorthúla. Íorónta ach loighciúil, ós rud é go bhfuil an fuinneamh a theastaíonn chun bláthanna a tháirgeadh i bhfad níos lú ná mar is gá chun torthaí agus síolta a chothú.
Is é an líon breise peiteal i ngach bláth is cúis leis an líon bláthanna níos mó i gcrainn neamhthorthúla. De ghnáth bheadh cúig pheiteal ag bláth torthúil. Is féidir go mbeadh a dhá oiread sin, nó fiche nó tríocha peiteal fiú, ag na bláthanna neamhthorthúla.
D’fhorbair na crainn silíní thorthúla modh atáirgthe agus bealach chun a síolta a scaipeadh trí iad a chur i laíon milis atá tarraingteach d’ainmhithe, lena n-áirítear éin agus, ar ndóigh, daoine. Is iad na síolta crainn na baill bheaga chrua istigh sna torthaí, agus nuair a theilgeann muid amach iad, nó nuair a théann siad trí stéig ainmhí, cuirtear iad i bhfad ón gcrann tuismitheora. Má bhíonn na coinníollacha fabhrach, is féidir leo fás aníos ansin ina gcrainn silíní.