
Tá Ardán 2026 seolta, comórtas úrnua le haghaidh grúpaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta a thagann i gcomharbacht ar chomórtas stairiúil Ghlór na nGael. Tógann Ardán 2026 ar an traidisiún atá ag Glór na nGael ó 1961 i leith saothar grúpaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta a aithint agus a cheiliúradh.
Tá duaischiste iomlán €83,000 le baint sa chomórtas, lena n-áirítear €20,000 don chéad áit agus €10,000 don dara háit, chomh maith le duaiseanna sna hocht gcatagóir agus deich nduais aitheantais speisialta.
Is é an t-athrú is suntasaí a thabharfaidh grúpaí pobail faoi deara ná go mbeidh an mholtóireacht agus an ócáid bhronnta ag tarlú ar aon lá amháin agus san aon ionad amháin. Beidh fáilte roimh phobal na Gaeilge freastal ar na seisiúin mholtóireachta chun léargas a fháil ar shaothar grúpaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta fud fad na tíre.
Deir Frainc Mac Cionnaith, bainisteoir Rannóg Pobal agus Fiontraíochta Ghlór na nGael go bhfuil bhfuil foireann Ghlór na nGael spreagtha agus ag súil leis an chomórtas nua.
“Tá traidisiún fada ag Glór na nGael de bheith ag aithint dea-chleachtais agus ag bronnadh aitheantas ar ghrúpaí a shaothraíonnn ar son na Gaeilge,” a deir sé. “Tá muid ag súil go mór leis an chéad chaibidil eile i stair an traidisiúin sin. Baineann moltóirí Ghlór na nGael sult agus tairbhe iontach as an chamchuairt mholtóireachta gach bliain, tá muid ag súil go mór leis an phróiseas sin a oscailt amach le go mbainfidh pobal na Gaeilge leas as an mhéid atá le foghlaim ann. Cuirfidh sé seo clár leathan de chainteanna spéisiúla, sainiúla ar fáil don phobal agus d’earnáil dheonach na Gaeilge, cainteanna atá bunaithe ar thaithí phraiticiúil na ngrúpaí féin agus a léiríonn na cleachtais is fearr in Éirinn sna catagóirí pleanála teanga. Dar ndóigh, beidh mórócáid cheiliúrtha agus duaiseanna tarraingteacha againn, mar a bhíonn i gcónaí.”
Beidh Ardán 2026 ar siúl in Óstán Chonnacht, Gaillimh, ar an 19 Meán Fómhair.
Is é 5 pm ar an 19 Meitheamh an spriocam do ghrúpaí ar mhaith leo clárú d’Ardán. 2026. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.glornangael.ie/ardan nó is féidir ríomhphost a sheoladh chuig ardan@glornangael.ie.