Tá an eite chlé liobrálach tar éis seasamh náireach a ghlacadh le linn na n-agóidí breosla. Seachas tacú leis na hagóideoirí nó iarracht a dhéanamh dul i bhfeidhm orthu sheas siad ar an taobhlíne á gcáineadh. Thacaigh leithéidí Misneach, Éirígí, Pobal Roimh Bhrabús agus Sinn Féin leis na hagóidí. Ach dhiúltaigh an sciar sin den eite chlé a bhfuil lucht tacaíochta meánaicmeach uirbeach acu den chuid is mó, na Glasaigh, na Daonlathaithe Sóisialacha agus an Páirtí an Lucht Oibre, tacú leis an ngluaiseacht spontáineach seo.
Cén chúis a bhí leis an diúltú seo? I gcás na bpáirtithe a dhiúltaigh tacaíocht, is léir de bharr a mbunúis mheánaicmigh nach dteastaíonn uathu dúshlán a thabhairt don status quo. B’fhearr leo bainistiú a dhéanamh ar an gcóras caipitleach agus blúiríní beaga a bhaint de bhord lucht an rachmais don ghnáthdhuine. I dtaobh na ngnáthliobrálach de, chuir an ciníochas a bhí le sonrú ó dhream antoisceach a rinne iarracht seilbh a ghlacadh ar na hagóidí, agus a bhí mar urlabhraithe chomh maith, ó dhoras iad.
Tá sin intuigthe go pointe, ach gach uair a dhiúltaíonn daoine forásacha a bheith i láthair agus gluaiseacht ag borradh ón mbun aníos, neartaíonn cumhacht na heite deise i bhfad amach. Seans go n-eascraíonn an diúltú seo ó phiúratánachas liobrálach, polaitíocht na féiniúlachta, cúrsaí aicme, an deighilt tuaithe/uirbeach, agus nósanna an chealchultúir. Ach, thar aon rud eile, eascraíonn an diúltú ó easpa tuisceana ar ghluaiseachtaí sóisialta agus gluaiseachtaí ón mbun aníos i stair na hÉireann.
Is cinnte, faraor, go raibh tionchar láidir na heite dheise le brath ar an agóid. Is léir go raibh tromlach na n-urlabhraithe náisiúnta ar an eite dheis i bhfad amach. Bhí a gcuid éileamh teoranta agus in amanna aisteach (mar shampla, dul i mbun druileáil ola amach ó Ghaillimh). Anuas air sin, is cinnte go ndearna feachtasóirí lánaimseartha dífhostaithe na heite deise iad féin a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath go háirithe. Uaidh sin, d’éirigh leo iad féin a chraobhscaoileadh trí na meáin shóisialta agus cuma dheasach a chur ar an agóid. Ach chonacthas freisin in áiteanna eile, cur i gcás Laois agus Loch Garman, go raibh gnáthdhaoine chun cinn. In áiteanna eile, Maigh Eo, mar shampla, cuireadh gríosóirí na heite deise as grúpaí WhatsApp. Bhí cruth agus dinimicí éagsúla ar na hagóidí in áiteanna éagsúla.
Go stairiúil níor tharla borradh ón mbun aníos ar cheist ábharaíoch in Éirinn ariamh nach raibh casta go hidé-eolaíoch. Cur i gcás le linn Chogadh na Talún, bhí ar ghníomhaithe de chuid Chonradh na Talún agus gníomhaithe forásacha poblachtánach dul in adharca le sagairt agus le lucht coimeádach meánaicmeach, úinéirí na siopaí agus feirmeoirí rachmasacha.
Nuair a bhí Conradh na Talún á bhunú i Maigh Eo in 1879, bhí ar Fhíníní an fód a sheasamh i gcoinne dreamanna nár aontaigh siad leo. Cé go raibh Mícheál Mac Daibhéid, Fínín radacach, ag tiomáint bunú an Conradh sa chontae, bhí drogall ar Pharnell páirt a ghlacadh de bharr go raibh an eagraíocht ag teacht ón mbun aníos. Ach d’éirigh le Mac Daibhéid Parnell a mhealladh ar deireadh. I gClár Chlainne Mhuiris i mí Iúil 1879 sin rinne sagairt iarracht rúin a rith ag cruinniú de chuid Chonradh Talún Mhaigh Eo. An aidhm a bhí ag na rúin ná ceisteanna faoin oideachas Caitliceach agus cumhacht saolta an Phápa a chur i lár an aonaigh. Ach dhiúltaigh Fíníní don iarracht ar an mbonn go scriosfaí bunús neamhsheicteach na gluaiseachta.
Nuair a bunaíodh Conradh na Talún i gCorcaigh i Meán Fómhair 1880, toghadh “Long” John O’Connor, ball de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann (BPÉ), mar rúnaí ar an eagraíocht. Thug sé a chéad óráid uaidh an mhí dár gcionn i mBeanntraí. Mhaígh O’Connor go raibh talamh uile na hÉireann faoi úinéireacht 742 tiarna talún nár dhein pioc oibre ina saol. Ba chosúil go raibh an ráiteas sin róradacach do na sagairt a bhí ar an ardán leis. Le tacaíocht aire parlaiminte náisiúnaigh hoimeádaigh áitiúil, ruaigeadh O’Connor ón ardán. Dúirt na sagairt leis an slua gur chóir gníomhú ar son chearta na dtionóntaí agus na dtiarnaí araon, agus cháin siad an poblachtánach Corcaíoch as a argóintí ceannairceach agus sóisialach.
Lean feachtasóirí Fíníneacha de chuid Chonradh na Talún leo ag streachailt leis an taobh deasach den ghluaiseacht. Faoi 1881 fiú bhí fócas na hArd-Chomhairle an BPÉ, ar a raibh tiarna talún ar nós John O’Leary, dírithe ar an gceist náisiúnta amháin seachas ar an mborradh sóisialta. Ach lean cinnirí áitiúla na heagraíochta orthu ag feachtasaíocht. Is fíor gur imir Parnell feall le Conradh Chill Mhaighneann agus nár baineadh fís Mhíchíl Mhic Dhaibhéid amach faoi athdháileadh náisiúnta ar an talamh. Ach briseadh cumhacht na dtiarnaí talún, agus sa mhéid sin laghdaíodh smacht an dreama is cumhachtaí agus is dílse don impireacht.
Nílim ag maíomh gur gluaiseacht é seo atá chomh cumhachtach nó chomh tábhachtach le ceann na mblianta 1879-1882, dár ndóigh. Ach de réir mar a théann cúrsaí costais maireachtála in olcas de bharr boilsciú agus chíor thuathail an chaipitleachais is léir nach mbeidh deireadh leis an gceist seo go luath. Is léir nach mbeidh spéis ag na liobrálaithe aon tionchar a imirt ar chúrsaí; tá cuid mhór den locht ar an gcur chuige seo le fás an fhaisisteachais.
Sa deireadh thiar, léiríonn na hagóidí seo cumhacht an ghnímh chomhordaithe agus an chur isteach. Léiríonn siad gur féidir le cúrsaí athrú nuair a ghníomhaíonn daoine le chéile, fiú go scaoilte; agus gur uirlis é an brú comhchoiteann atá fós in ann dul i bhfeidhm ar chórais fhréamhaithe. An té a bheas ag fanacht ar éirí amach nó gluaiseacht “neamhthruaillithe” ón mbun aníos, beidh siad ag fanacht go brách. Is dócha nach dteastaíonn gluaiseacht atá in ann athrú suntasach a bhaint amach ón dream sin dáiríre.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.