Ceannaireacht Fhianna Fáil, ní ceist phearsantachta é ach ról an pháirtí 

Eoin Ó Murchú

In ainneoin na cainte ó Mhicheál Martin a raibh cuma na muiníne uirthi, ceapaimse gur chruinnigh an ghéarchéim reatha laistigh d’Fhianna Fáil an gá atá le hathrú. Agus ní hé an cheist an mbeidh, ach cathain a bheidh athrú ceannaireachta ann.

Tá sotal Martin imithe as smacht anois. A fhianaise sin an ghoimh a dhíríonn sé ar Mary Lou McDonald sa Dáil.

Is cóir go bhféadfadh easaontais, clamhsán agus cáineadh a dhéanamh gan nimh, ach ní nós le Martin a bheith béasach. Tá an chuma air go gcreideann sé gur laige é béasa.

Air sin is léir gur cuma leis tuairimí theachtaí a pháirtí féin, gan caint faoi thuairimí an phobail trí chéile. Cuireann sé as dó mura bhfuil daoine sásta a bheith ciúin agus déanamh mar deir sé.

Bhí an tuairim ghinearálta i bhFianna Fáil gur fearr é a fhágáil mar cheannaire agus mar thaoiseach go dtí deireadh na bliana seo nuair a bheidh deireadh le tréimhse na hÉireann mar uachtarán ar an Aontas Eorpach agus deireadh le ré Martin mar thaoiseach ar aon chuma.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.