Leanann an cogadh ar aghaidh idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin, agus dá bharr sin leanann an ghéarchéim ola ar aghaidh chomh maith. Tá an long ola dheireanach tagtha go hÉirinn, agus roimh i bhfad beidh gá an stoc ola atá sábháilte ag an stát a úsáid, stoc a bhfuil dóthain 90 lá d’ola ann don stát 26 chontae. Mura raibh an t-athrú aeráide ann mar spreagadh chun athrú i dtreo fuinneamh in-athnuaite, tá spreagadh níos géire anois ann! Ach an íoróin atá ann ná go bhfuil Éire ar cheann de na tíortha a bhfuil an méid is mó fuinnimh in-athnuaite ar domhan aici. Tá sí ar an tríú tír is mó ar domhan i dtaobh fuinneamh gaoithe agus fuinneamh tonnta agus a bheadh mar an 5ú tír ar domhan i dtaobh fuinneamh in-athnuaite in aghaidh an duine.
Tá suirbhé déanta ag Environmental Pillar le Ireland Thinks a deir nach gceapann 56% de dhaoine go bhfuil a dhóthain á dhéanamh ag an rialtas chun ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise a bhriseadh. Tá plean gníomhaíochta ar son na haeráide ag an rialtas ina bhfuil sprioc acu 80% de leictreachas a fhiniúint ó fhoinsí in-athnuaite ,gaoth agus grian go príomha, a bheith ann faoi 2030. D’fhéadfadh 900 teireavata san uair a bheith cruthaithe sa bhliain d’fhuinneamh gaoithe dá mbaintí úsáid as gach acmhainn gaoithe san fharraige.