Bhí ócáid álainn i stiúideonna Nemeton TV sa Rinn Dé Luain seo caite chun fiche bliain den Ard-Dioplóma i Léiriú Teilifíse & na Meán a cheiliúradh, clár a bhfuil tionchar suntasach aige ar fhorbairt earnáil na meán in Éirinn le fiche bliain anuas. Thug an ócáid le chéile iarchéimithe, mic léinn reatha agus páirtithe tionscail, agus ní hamháin go raibh slua mór i láthair, ach bhí deis ag iarscoláirí ar fud na cruinne páirt a ghlacadh trí shruth beo ar YouTube.
Tá an cúrsa á chur ar fáil ag Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt i gcomhar le Nemeton TV, le tacaíocht leanúnach ó Údarás na Gaeltachta ó 2006 i leith. Le linn na tréimhse sin tá cáil bainte amach ag an Ard-Dioplóma mar cheann de na cúrsaí is láidre ó thaobh nasc leis an tionscal de.
Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt Irial Mac Murchú, Príomhfheidhmeannach Nemeton TV, “In 2025 thaispeáin muid 270 cluiche, agus ní bheimid in ann é sin a dhéanamh gan na daoine a tháinig ón gcúrsa. Tá na laethanta is mó agus na laethanta is fearr romhainn amach, le bhur dtacaíocht go léir.”
Chuir Siobhán Ní Ghadhra, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, béim ar an ról a imríonn an clár i saol na meán Gaeilge, “Tá ról lárnach ag an Ard-Dioplóma seo i scéal na meán i nGaeilge, agus seo iad na daoine atá ag cur na teanga chun cinn sa tír seo agus thar lear. Tá glúin nua cruthaithe ann anois a fheiceann an Ghaeilge ní mar chaitheamh aimsire amháin ach mar bhunchloch dár saol gairmiúil.”
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Ag croílár an scéil tá an bealach a n-insítear an scéal, an modh cumarsáide agus an bua sin, agus is léir go bhfuil na tréithe sin i gcroílár na hoibre anseo. Ní hamháin go bhfuil an oiliúint ar bun, ach go bhfuil sí á déanamh ar an gcaighdeán sin, go náisiúnta nó go hidirnáisiúnta.”
Bhí Uachtarán Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt, an tOllamh Veronica Campbell, i láthair freisin agus í ag moladh na comhpháirtíocht idir an earnáil oideachais agus an tionscal, “Taispeánann an cúrsa seo an méid is féidir a bhaint amach tríd an gcumhacht a bhaineann le nascadh dearfach agus táirgiúil. Is féidir leis na torthaí a bhí claochlaitheach i gceart agus is é sin a fheicimid anseo san obair iontach seo.”
Ó bunaíodh é, tá an clár dírithe ar oiliúint phraiticiúil a sholáthar a oireann go díreach do riachtanais an tionscail. Tá céimithe tar éis dul ar aghaidh le gairmeacha rathúla mar léiritheoirí, stiúrthóirí agus eagarthóirí, agus tá gradam bainte amach acu ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear ag Gradaim SMEDIA.
Agus fiche bliain bainte amach aige anois, leanann an tArd-Dioplóma i Léiriú Teilifíse & na Meán ar aghaidh ag imirt ról ríthábhachtach i bhforbairt na chéad ghlúine eile de ghairmithe meán, agus cuirfear tús leis an gcéad chúrsa eile i mí Mheán Fómhair.