Dúnmharú ar Inis Mac Neasáin, 1852

An Dr Kerron Ó Luain

Inis Mac Neasáin
Grianghraf: Sonse Flickr/Wikipedia

Laethanta geala deireadh seachtaine seolann báid ó chalafort Bhinn Éadair i dtreo Inis Mac Neasáin. Oileán beag sceirdiúil amach ó chósta Bhaile Átha Cliath is ea Inis Mac Neasáin. Bíonn turasóirí agus siúlóirí ar an oileán le breathnú ar na héin mhara agus na hailte. Ach ní bhíonn a fhios ag cuid mhór acu gur tharla ceann de na dúnmharuithe is dorcha sa 19ú haois ar an oileán.

I lár an naoú haois déag chuir an t-ealaíontóir William Burke Kirwan agus a bhean Maria spéis san oileán. Bhí sé de nós ag Wiliam sceitsí den tírdhreach a tharraingt, fad is a bhí Maria, ar dúradh fúithi ag an am go raibh “cuma fhíorálainn uirthi”, ag snámh san fharraige agus ag baint taitneamh as aer na mara. Dé Luain an 6 Meán Fómhair 1852 d’íoc siad an t-iascaire Patrick Nagle chun iad a thabhairt amach ar an mbád ag a deich a chlog ar maidin. Dúirt siad leis iad a bhailiú san iarnóin. Lá socair a bhí ann, bhí an spéir glan, agus chuaigh an lánúin isteach go cnoic an oileáin.

Nuair a tháinig bád Nagle i dtír arís ag ocht a chlog bhí sé ina oíche. Ghlaoigh na hiascairí amach ón mbád chun aird Kirwan a fháil, agus fuair siad freagra ón gcladach. Ach bhí sé ina aonar. Cuireadh ceist air faoina bhean chéile, agus dúirt sé “gur chaill muid a chéile nuair a thit cith fearthainne, agus tá mé á cuardach ó shin”. Fuair na fir laindéir agus scaip siad amach fud fad an oileáin sa tóir ar Maria. In aice camais ar a nglaoitear an Poll Fada, tháinig siad ar chorp Maria i measc na gcarraigeacha. Bhí a éadaí snámha fós uirthi agus a éadaí fillte i ngaireacht di. Dúirt duine amháin go raibh “an chuma air go raibh William trína chéile”, agus é ag caoineadh in aice le corp a mhná.

Rinne mac léinn leighis, James Alexander Hamilton, scrúdú ar chorp Maria an lá dár gcionn. Chonaic sé scríoba ar an gcorp, a tharla, dár leis, “de bharr na gcarraigeacha”. Chinn sé gur bádh Maria de thimpiste. D’aontaigh iniúchadh oifigiúil le tuairim an mhic léinn. Measadh ag an am gur tragóid bhrónach a bhí ann.

Ach thosaigh ráflaí ag scaipeadh thart ar Bhinn Éadair. D’áitigh roinnt finnéithe ar an mórthír gur chuala siad “screadanna cráite a bhrisfeadh do chroí”, screadanna “a chloisfeá ó dhuine a bhí i mbaol báis de bharr an fhoréigin”. Nuair a rinne na póilíní saol Kirwan a chíoradh, tháinig sé chun solais go raibh neart á cheilt aige. Bhí dhá shaol aige. Bhí teach eile aige ar Shráid Dorset, agus bean eile darbh ainm Theresa Kenny ina chónaí ann leis. Chreid Kenny, a raibh roinnt páistí aice le Kirwan, gurbh ise a bhean chéile. Bhí Maria tar éis bualadh le Theresa roinnt míonna roimhe sin agus scrios an chonspóid eatarthu saol síochánta Kirwan. 

Dí-adhlacadh corp Maria i Reilig Ghlas Naíon i mí Dheireadh Fómhair, agus rinneadh scrúdú iarbháis uirthi don dara huair. Go luath ina dhiaidh sin gabhadh Kirwan as dúnmharú Maria. Bhí an chúirt lán go béal nuair a tugadh ós comhar na cúirte é i mí na Nollag. Dúirt tuairisceoirí ag an am go raibh an chúirt “plódaithe agus ag cur thar maoil” le daoine agus fonn orthu éisteacht leis an scannal. Chosain Isaac Butt, duine de na habhcóidí ba mhó le rá sa tír agus ceannaire ar an ngluaiseacht rialtais dúchais ar ball, Kirwan sa chúirt.

Bhraith an cás go mór ar an gcúinse. D’áitigh finnéithe go raibh cosa Kirwan fliuch an oíche úd, go raibh cána claímh á iompar aige, agus gur chualathas screadanna trasna an chalafoirt. Thug an bhantiarna talún a lig teach ar cíos do mhuintir Kirwan fianaise gur chuala sí achrann agus troid ann go minic. D’áitigh an t-ionchúiseamh gur bháigh nó thacht William a bhean chéile. Dúirt an chosaint gur bhuail taom titimis Maria agus í ag snámh. Tháinig na tuairimí leighis salach ar a chéile, agus rinneadh cúrsaí níos deacra dóibh de bharr gur shil uisce isteach in uaigh Maria i nGlas Naíon, rud a scrios an fhianaise.

I ndiaidh roinnt laethanta d’ionramháil d’aontaigh an giúiré go raibh Kirwan ciontach. Ghearr an breitheamh Philip Crampton pianbhreith an bháis air. Lig na sluaite liú uathu nuair a fógraíodh an bhreith. Ach i gcaitheamh na seachtainí ina dhiaidh sin líonadh colúin na nuachtán le litreacha ag éileamh trócaire do Kirwan. Tosaíodh feachtas i Londain chun trócaire a lorg agus laghdaíodh an breithiúnas báis go príosúnacht saoil. Chaith Kirwan 25 bliain i bpianseirbhís. Scaoileadh saor é in 1879 agus d’fhill sé, go ciúin, ar Bhaile Átha Cliath.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.