Mir ghramadaí – an aimsir chaite

Domhnall Mac Concharraige

  • Úsáidtear an aimsir chaite nuair a dhéantar tagairt do rudaí a tharla cheana. Mar shampla, inné, an tseachtain seo caite, anuraidh.
  • Tá an aimsir chaite ar cheann de na haimsirí is éasca. Tá cúpla riail shimplí le foghlaim.

Rialacha

  • Cuirtear séimhiú ar bhriathar dar tús consan más féidir, mar shampla, cuir – chuir mé. Ní féidir séimhiú a chur ar na litreacha l, n, r.
  • Cuirtear d’ roimh bhriathar dar tús guta, mar shampla, fill – d’fhill mé
  • Nuair a chuirtear ceist san aimsir chaite cuirtear séimhiú ar bhriathar rialta dar tús consan, féach – ar fhéach?
  • Ní dhéantar aon athrú ar fhoirm cheisteach de bhriathar dar tús guta, oscail – ar oscail?

Ceisteanna

Cuir na briathra sna lúibíní san aimsir chaite.

  1. (Cuir) mé mo leabhair i mo mhála scoile.
  2. (Dún) an cailín an fhuinneog ar an mbus.
  3. (Tóg) m’athair an madra amach ar maidin.
  4. (Bris) an buachaill a pheann.
  5. (Pioc) an fear an bláth inné
  6. (Cas) mé timpeall agus bhí mé i dtrioblóid.
  7. (Seas) (muid) suas
  8. (Caill) (muid) an cluiche aréir.
  9. (Goid) an gadaí an t-airgead
  10. Ar (buail) tú leo an tseachtain seo caite.