
Nuair a tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, i bhfeidhm ceapadh ag an am go raibh sé chun go leor fadhbanna a bhí ag cainteoirí Gaeilge seirbhísí trí Ghaeilge a fháil a leigheas. Ach de réir Thuarascáil Bhliantúil 2024 an Choimisinéara Teanga fuair Oifig an Coimisinéara Teanga 594 gearán an bhliain sin.
Rinne an oifig imscrúdú foirmiúil ar oifig na bPasanna. Fuair an t-imscrúdú sin amach nach raibh a dhóthain foirne acu le Gaeilge le seirbhís teileafóin trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal. Tá easnaimh sa tseirbhís iarratais ar líne ar phas i nGaeilge ar shuíomh gréasáin Oifig na bPasanna chomh maith. Cé nach gá do gach comhlacht poiblí seirbhís teileafóin a chur ar fáil trí Ghaeilge, tá ar Oifig na bPasanna seirbhís teileafóin a chur ar fáil i nGaeilge de réir Scéim Teanga na Roinne Gnóthaí Eachtracha. Chuaigh na scéimeanna teanga as feidhm ón 21 Nollaig 2024 agus gan aon chaighdeán teanga curtha ina háit. Ach fuair Oifig an Choimisinéara Teanga comhairle dlí i dtaobh na ceiste seo agus tá sé dearbhaithe anois go bhfuil na Scéimeanna Teanga fós i bhfeidhm. Mar sin tá cosaint éigin ag na Gaeil dá gcearta teanga. Is maith go bhfuil sin ann mar go raibh 37% de na gearáin in 2024 bainteach leis na scéimeanna teanga.

Deirtear sa Tuarascáil Bhliantúil gur ‘ábhar mór imní é a laghad croísheirbhísí poiblí ar an lárthairseach náisiúnta MyGovID atá ar fáil i nGaeilge i gcomparáid leis an soláthar i mBéarla’ freisin.
Tá an Coimisinéir Teanga ag impí ar an Aire Gaeltachta na caighdeáin teanga a thosú chomh luath agus gur féidir, chun an t-easnamh seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a leigheas. Tá na caighdeáin teanga ag brath ar Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí i nGaeilge a chur i bhfeidhm.
Tá spriocdháta imithe in éag san acht chun gach seirbhís phoiblí a bheith ar fáil as Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá Roinn na Gaeltachta ag rá nár thuig siad an méid oibre atá i gceist chun an t-acht a chur i bhfeidhm, ach níl aon rian ann go bhfuil an roinn chun breis foirne a fháil chun a chinntiú go bhfuil an t-acht á chur i bhfeidhm in am.
Cé go bhfuil cleachtas maith ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath maidir le comharthaí dátheangacha i gcomparáid le heagraíochtaí stáit eile, léirigh an Tuarascáil Bhliantúil chomh maith gur sháraigh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath an reachtaíocht teanga i gcás comharthaí a cuireadh in airde i mBéarla amháin i gCríochfort 1 in Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Sheol Uisce Éireann cumarsáid i mBéarla amháin tríd an bpost go dtí an pobal ag sárú an achta. Is gá gach cumarsáid phoiblí a bheith déanta sa dá theanga oifigiúla.
Sháraigh Comhairle Contae Chill Dara an reachtaíocht teanga maidir le dualgas i ndáil doiciméid áirithe a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla nuair a d’fhoilsigh sí Dréachtphlean Forbartha Contae i mBéarla amháin, gan leagan a sholáthar go comhuaineach i nGaeilge.
Is léir go bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga níos gnóthaí i mbliana, mar gur tháinig méadú 55% ó 381 (2023) go 593(2024) ar líon na gcásanna inar cuireadh comhairle ar chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais reachtúla. Beidh le feiceáil an mbeidh na comhlachtaí poiblí sin ag glacadh leis an gcomhairle sin agus é a chur i bhfeidhm.
Tá sé geallta ag an roinn go mbeidh na caighdeáin teanga ag teacht go luath, san fhómhar ceaptar. Feicfear an mbeidh siad ag teacht agus níos tábhachtaí fós an mbeidh siad á cur i bhfeidhm.
Tá laigeacht mhór ann in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, sé sin nach bhfuil aon fhíneáil ann má sháraíonn comhlacht poiblí a dhualgas reachtach i leith an achta. Tá ceisteanna le freagairt freisin maidir le an bhfuil na comhlachtaí poiblí ag tógáil a ndualgais go dáiríre maidir lena chinntiú go mbeidh 20% d’earcaithe sa tseirbhís poiblí inniúil i nGaeilge faoi 2030. Tá Oifig an Choimisinéara Teanga ag déanamh imscrúdú ar an Roinn Oideachais maidir lena ról chun é seo a chinntiú trí níos mó Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí nua a oscailt agus freastal ar éileamh ar na scoileanna sin a shásamh, a bhfuil leath de thuismitheoirí ag iarraidh go mbeidh a bpáistí sa chóras Gaeloideachais.
Má tá gearán agat maidir le heaspa seirbhísí Gaeilge ón stát is féidir dul i dteagmháil le hOifig an Choimisinéara Teanga ar 0818 504 006 nó eolas@coimisineir.ie.