Maoiniú Kneecap cáinte agus cosanta

Eoin Ó Murchú

Tá Coimisiún na Meán á cháineadh mar gheall ar an airgead a thug siad le cabhrú leis an scannán Kneecap a dhéanamh, ach dúirt an Coimisinéir um Fhorbairt na Meán, Rónán Ó Domhnaill, go bhfuil sé sásta go ndearna siad an rud ceart nuair a thug siad beagnach leath milliúin euro do lucht an scannáin. 

Bhí an triúr rapcheóltóirí as Béal Feirste ag seinm ag féile cheoil Glastonbury, in iardheisceart Shasana, in ainneoin iarracht phríomhaire na Ríochta Aontaithe, Keir Starmer, bac a chur orthu a bheith ag seinm ag an bhféile toisc iad a bheith ‘mí-oiriúnach’. 

Sin mar gheall ar an gcás cúirte ata ar siúl iu gcoinne Liam Óig Uí Annaidh, nó Mo Chara,  agus é curtha ina leith gur léirigh sé tacaíocht do Hamas, in aghaidh dhlí frithsceimhlitheoireachta Shasana.

Ach sheas Ó Domhnaill le cinneadh an Choimisiúin €495,000 a thabhairt do lucht déanta an scannáin, ag rá go raibh sé ‘an-sásta tacú leis an tionscadal féin – bhí sé an-rathúil’.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.