Ardú ar tháillí tríú leibhéal le bheith mar ábhar conspóide don chomhrialtas

Cathal Ó Murchú

An Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta James Lawless TD ag seoladh na Comhairle Náisiúnta Scileanna le Kevin Marshall

Tá sé fógartha ag an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta James Lawless TD, Fianna Fáil, Cill Dara Thuaidh, go ndéanfar ardú míle euro sa bhreis ar tháillí oideachais tríú leibhéal, breischostas a ghoillfidh go daor ar neart mac léinn. Bhí sé dearbhaithe ag an Taoiseach Mícheál Ó Máirtín TD, Fianna Fáil, Corcaigh Lár Theas, nach gcuirfear aon leasú ar fáil don ardú seo. Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an Tánaiste Simon Harris TD, Fine Gael, Cill Mhantáin, ar aon intinn faoin mbeart seo leis an Taoiseach, ach ní hamhlaidh go bhfuil na teachtaí eile ó Fhine Gael ar aon intinn.

Bhí sé beartaithe ag an rialtas roimhe seo go laghdófar táillí, ach is léir nach gcomhlíonfar an beart sin anois. Roimh an mbeart seo, bhí na táillí tríú leibhéal in Éirinn na 26 chontae níos airde ná aon stát eile san Eoraip, ach anois beidh siad níos airde fós. Cé gur beart é seo atá ag teacht ón gcomhrialtas, tá sé ag cothú a lán míshuaimhnis sa chomhrialtas céanna.  Níl Fine Gael nó neamhspleáigh áirithe sásta leis an mbeart seo ar chor ar bith.  Goilleann na táillí seo go dona ar theaghlaigh mheánaicmeacha, cuid mhaith acu a thacaíonn le Fine Gael agus le Fianna Fáil.  Ach is orthu siúd ón aicme oibre nach bhfuil i dteideal deontais is measa a ghoilltear, agus is ar a son a labhair Piaras Ó Dochartaigh TD, Sinn Féin, Dún na nGall.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.