Bhailigh dream daoine Dé Domhnaigh i lár Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath faoi mheirg a raibh “Hands off Iran” scríofa uirthi, le bratacha Phoblacht Ioslamach na hIaráine agus na Palaistíne. D’iarr cainteoirí dlúthpháirtíocht leis an Iaráin agus leis an bPalaistín agus cháin siad rialtais Stáit Aontaithe Mheiriceá, na Ríochta Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh, rialtas na hÉireann san áireamh.
Chuir Róisín McAleer fáilte roimh an slua, agus tar éis chaint i dtaobh ionsaí Iosrael ar an Iaráin le déanaí agus a bhfreagra siúd, comh maith le cinedhíothú na bPalaistíneach ag arm Iosrael, chuir sí fáilte roimh Clare Daly chun cainte.
Luaigh Clare Daly, iarfheisire Pharlaimint na hEorpa, an t-ord domhanda nua, mar a rinne McAleer roimpi, agus gur gá dúinn ullmhú chuige, ag seasamh leis na tíortha a bhfuil an t-impiriúlachas ag díriú orthu, mar atá an Iaráin, an Liobáin, an Éimin agus, ar ndóigh, Gaza. “Bíonn an t-am is dorcha roimh bhreacadh lae,” a dúirt Daly, agus dhearbhaigh sí “ríthábhacht léirsithe mar an ceann seo”