Caithfidh an tAire Pobail míniú a thabhairt maidir lena idirghabháil i gcás cúirte faoi chomharthaíocht dhátheangach

Rialaigh an Ardchúirt an tseachtain seo caite gur féidir leis an Aire Pobail, Gordon Lyons, idirghabháil a dhéanamh sa chás maidir le comharthaíocht ag Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste.

Jack Mac Íomhair

Tá ceist curtha ag urlabhraí pobail Shinn Féin, Colm Gildernew, ar Gordon Lyons maidir lena idirghabháil sa chás cúirte faoi chomharthaíocht dhátheangach ag Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste. Rialaigh an Ardchúirt sna sé chontae Dé hAoine seo caite gur féidir le Lyons fianaise a thabhairt maidir leis an chás a bheas os comhair na cúirte i ndiaidh chinneadh an Aire Bonneagair Liz Kimmins i mí an Mhárta. 

D’fhógair Kimmins i mí an Mhárta comharthaíocht dhátheangach a chur in airde i Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste, a mbeadh costas £150,000 air. In ainneoin rabhadh ó eagraíochtaí Gaeilge, níor cuireadh an chomharthaíocht in airde nuair a osclaíodh an stáisiún. Chuir an gníomhaí dílseach Jamie Bryson iarratas isteach fá choinne athbhreithniú breithiúnach maidir leis an chinneadh agus tugadh cead dó i mí na Bhealtaine.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.