
Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt. Trasna 1. Ní bréag é, ach a mhalairt (7) 4. Gríosaitheach (12)10. Ait, iolra (9)11. Maraítear fianna agus itear í seo (7)12. Ar strae (3)14. Ainm na ceirde a bhaineann le crainn nó adhmad a…

Bainfear triail as sraith leasuithe suntasacha ar rialacha na hiomána le linn chéim sraithe Chorn Mhic Giobúin, ar mholadh ó shainghrúpa comhairleach iománaíochta Chumann Lúthchleas Gael. I measc na n-athruithe is suntasaí, cuirfear cosc ar dhá phas láimhe as a chéile. Má dhéantar iarracht ar an dara pas láimhe, bronnfar saorbhuille ar an bhfoireann eile…

Tá Cumann Lúthchleas Gael ag glacadh le hiarratais ó chlubanna do Thráth na gCeist Gaeilge CLG 2026, comórtas a chuirfidh eolas na n-iomaitheoirí ar chúrsaí CLG, ar stair, ar chultúr agus ar chúrsaí reatha faoi scrúdú. Ní mór do chlub ar mian leis foireann a chur isteach sa chomórtas teagmháil a dhéanamh le Jamie Ó…

Mhol laoch CLG Chorcaí Seán Óg Ó hAilpín do dhaoine éisteacht le tráchtaireacht spóirt as Gaeilge mar bhealach spraíúil agus praiticiúil chun dul i ngleic leis an teanga. Rinne sé an moladh ag seoladh oifigiúil Phlean Gníomhaíochta Gaeilge Chomhairle Cathrach Chorcaí 2026-2029, a rinne Ardmhéara Chorcaí, an Comhairleoir Damian Boylan, i Halla na Cathrach Dé…

Tá an Dr Máire Mhic Ghiolla Íosa tar éis éirí as a post mar chathaoirleach neamhspleách ar an nGrúpa Stiúrtha um Chomhtháthú, atá ag maoirsiú aontú Chumann Lúthchleas Gael, Chumann Pheil Gael na mBan agus an Chumainn Camógaíochta. Dúirt iar-Uachtarán na hÉireann go raibh sí “croíbhriste” agus nár bhraith sí go raibh aon rogha aici…