Bainfear triail as sraith leasuithe suntasacha ar rialacha na hiomána le linn chéim sraithe Chorn Mhic Giobúin, ar mholadh ó shainghrúpa comhairleach iománaíochta Chumann Lúthchleas Gael.
I measc na n-athruithe is suntasaí, cuirfear cosc ar dhá phas láimhe as a chéile. Má dhéantar iarracht ar an dara pas láimhe, bronnfar saorbhuille ar an bhfoireann eile ón áit a ndearnadh an iarracht. Beidh cead ag imreoirí sé chéim a thabhairt agus iad i seilbh na liathróide, in ionad na gceithre chéim a cheadaítear faoi láthair.
Beidh ar imreoirí “gníomh buailte soiléir agus cinnte leis an lámh” a dhéanamh agus pas láimhe á thabhairt acu. Cuireadh an focal “soiléir” leis an riail reatha, ina n-éilítear gníomh buailte cinnte.
Tabharfar cumhachtaí níos láidre do na maoir líne chun gníomhú i leith sáruithe. Ag tús an chluiche nó tar éis an tsosa, beidh ar na himreoirí atá ag dul san iomaíocht don sliotar buille talún a bhualadh. Bronnfar saorbhuille ar an bhfoireann eile mura ndéanfar amhlaidh, agus beidh ar gach imreoir eile fanacht 13 mhéadar siar.
Faoi na leasuithe, beidh ar an sliotar an líne 45 méadar a thrasnú ó phoc amach sula bhféadfaidh imreoir den fhoireann chosanta é a imirt. Bogfar pocanna 65 siar freisin, le go nglacfar iad ón líne 65 méadar i leath na foirne eile den pháirc.
Dhá chúilín a bheidh le fáil ó ghearradh taobhlíne a théann díreach thar an trasnán gan teagmháil ó imreoir eile den fhoireann atá ag ionsaí.
Tá na moltaí leagtha amach i dtuarascáil eatramhach an tsainghrúpa, atá faoi chathaoirleacht John Meyler. Cheap Uachtarán CLG, Jarlath Burns, an grúpa i mí an Mhárta agus tionóladh a chéad chruinniú i mí Aibreáin.
Dúirt Meyler go gcuirfear fáilte roimh roinnt moltaí ach nach dtaitneoidh gach athrú le gach duine. Dar leis, áfach, ní mór gníomhú ar mhaithe le leas fadtéarmach na hiomána, seachas de réir roghanna aonair.