Tá Cumann Lúthchleas Gael ag glacadh le hiarratais ó chlubanna do Thráth na gCeist Gaeilge CLG 2026, comórtas a chuirfidh eolas na n-iomaitheoirí ar chúrsaí CLG, ar stair, ar chultúr agus ar chúrsaí reatha faoi scrúdú.
Ní mór do chlub ar mian leis foireann a chur isteach sa chomórtas teagmháil a dhéanamh le Jamie Ó Tuama ag jamie.otuama@gaa.ie faoin Aoine an 25 Meán Fómhair. Ag brath ar líon na n-iarratas, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar fhoirne dul trí níos mó ná babhta amháin chun áit a bhaint amach i mBabhta Ceannais na hÉireann.
Eagrófar babhtaí cúige i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna, agus beidh cead ag gach cúige trí fhoireann a chur ar aghaidh chuig an gcomórtas náisiúnta. Socrófar dáta an bhabhta ceannais, a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh, ina dhiaidh sin.
Beidh ceathrar ar gach foireann, mar aon le hionadaí amháin, agus ainmneofar duine de na hiomaitheoirí mar chaptaen. Ní mór do rúnaí an chlub a dheimhniú i scríbhinn gur baill den chlub iad na rannpháirtithe agus go bhfuil siad ábalta páirt iomlán a ghlacadh trí Ghaeilge. Caithfidh uimhir bhallraíochta a bheith ag gach iomaitheoir trí lá ar a laghad roimh an gcomórtas.
Beidh naoi mbabhta ann ina gcuirfear sé cheist scríofa ar na foirne, chomh maith le babhta aonair ina bhfreagróidh gach ball dhá cheist as a stuaim féin. Bronnfar marc amháin ar gach freagra ceart sna gnáthbhabhtaí agus dhá mharc ar fhreagra ceart sa bhabhta aonair.
I measc na n-ábhar beidh peil, iománaíocht, camógaíocht, stair agus tíreolaíocht, cultúr na hÉireann, eolas ginearálta agus cúrsaí reatha. Ní mór gach freagra a scríobh as Gaeilge agus ní bhronnfar leathmharcanna. Má bhíonn foirne ar comhscór, reáchtálfar babhtaí ‘bás tobann’ go dtí go n-aimseofar buaiteoir.
Ní cheadófar fóin ná teagmháil le daoine lasmuigh den seomra le linn an chomórtais. Bronnfar duais órga ar an bhfoireann a ghnóthóidh an líon is airde marcanna.