Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna

1.  Ní bréag é, ach a mhalairt (7) 
4. Gríosaitheach (12)
10. Ait, iolra (9)
11. Maraítear fianna agus itear í seo (7)
12. Ar strae (3)
14. Ainm na ceirde a bhaineann le crainn nó adhmad a ghearradh gan meaisín, ginideach(13)
16. Saghas crainn a bhfuil a chraobhacha crocha anuas (4)
18. Claonadh (2)
19. Titim báistí nach maireann rófhada (4)
20. Nuair a tháinig an ? ar an tairne (3)
21. Ordú do dhaoine gan leanúint ar aghaidh le rud (8)
22. Bia a chur i do bholg (3)
24. Cóta nó seaicéad (5)
25. Gluaisrothar cáiliúil ó na Stáit Aontaithe, ________-Davidson (6)
28. Ceol ar féidir leis daoine a chur ag caoineadh (7)
30. An lá i ndiaidh an lae seo (7)
31. Mothúchán a bhaineann le heaspa bia, ginideach (6)
33. Seantraidisiún in Éirinn nuair a fhaigheann duine bás (7)
34. Biseach a chur ar ghoin (9)
36. Áit a bhfanann duine agus iad ar saoire, teach ______ (4)
38. Gan bheith glan (6)
39. Dearg nó gorm nó buí, etc (4)
41. Eagraíocht pholaitiúil agus míleata sa Phalaistín (5)
44. As + tú (4)
45. Tabhair airgead chun rud a cheannach (3)
46. Gort ina mbíonn ba ann, mar atá in ainm contae i gCúige Uladh, ach gan séimhiú (5)
49. Malairt tanaí (6)
51. Úsáidtear é seo chun an fód a chasadh.
52. Uisce salannach ar do chorp agus tú ag obair go dian, ag cur _______ (6)
53. Béicíl (9)

Síos

1.  As seo amach (6)
2. Ainmhí mor cosúil leis an rón ach starrfhiacla aige (7)
3. Talamh íseal cothromúil atá oiriúnach do rásaíocht capall (9)
4. Ainm Gaelach cailín (5)
5. Gléas a bhfuil scáileán air, don idirlíon, ríomhphost, agus a lán rudaí eile (9)
6. Seanduine (7)
7. Úsáidtear teirmiméadar chun céim na _______ a thomhais (7)
8. Faisnéis (5)
9. Uirlisí a mbuaileann tú tairní leo (6)
13. Madra fiáin nach maireann in Éirinn níos mó (7)
15. Duine níos sine ná deich ach níos óige ná fiche (7)
17. An mhéar is faide ar shiúl ón ordóg (6)
21. Ciúnas agus sáimhe (10)
23. Duine a oibríonn in oifig (9)
26. Tíortha amaideacha ina mbíonn baill den chlann chéanna mar cheannairí stáit orthu (8)
27. Na deartháireacha W.B agus Jack B.(5)
28. tapa nó mear (5)
29. Tor deilgíneach (6)
32. Duine a bhíonn ag iarraidh gach rud agus cinneadh a bheith faoina cheannas, duine _______ (9)
35. Mír dlí (5)
37. Suíomh Ard-Ríthe na hÉireann fadó (8)
39. Scáth ar fhuinneog is féidir a tharraingt anuas (6)
40. Modh ordaitheach, malairt “téigh” (3)
42. Ní féidir leat dul ______ mura bhfuil tú istigh cheana (5)
43. Ainm Gaelach eile ar chailín
47. Coileach agus _______ (5)
48. Déanann sé gréasán agus itheann sé cuileoga, an damhán _______ (4)
50. Bris i smidiríní (4)

Freagraí ar Crosfhocal #96

TRASNA: 1. Cealgaire 2. Bréagadóir 11. Airde 12. Íochtaráin 13. Ionsaí 14. Prioc 15. Rite 17. Gael 18. Eaglasta 19, Copóga 21. Stua 22. Sáspain 25. Linn 26. Cadóg 27. Éist do bhéal 32. Ná 33. Ar ais 34. Satail 35. Rann 36. Pósadh 39. Báis 41. Imeagla 42. Sár 43. Sasanach 44. Brocach 45. Eangach 46. Snaganna

SÍOS: 2. Aer Lingus 3. Gleic 4. Ionnaltán 5. Easair 6. Bhí 7. Éacht 8. Gotaigh 9. Dírbheathaisnéis 10. Ronnach 15. Stopallán 19. Cad é 20. Gangaid 23. Patuara 24. Óglaigh 28. Oklahoma 29. Harry 30 An Normainn. 31. Ragobair 36. Páiste 37. Súisín 38. Easpag 40. Sáfach
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.