Cuirfear tús leis an gcuardach ar an amhránaí óg a dhéanfaidh ionadaíocht ar Éirinn ag Junior Eurovision 2026 nuair a fhillfidh an tsraith Junior Eurovision ar TG4 Dé Domhnaigh, an 13 Meán Fómhair.
I rith na sraithe, leanfar glúin nua d’amhránaithe óga as gach cearn den tír agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach sa chomórtas idirnáisiúnta, a reáchtálfar i Málta i mí Dheireadh Fómhair.
Cuirfear tús leis an aistear ag na héisteachtaí, áit a mbeidh na hiomaitheoirí ag iarraidh dul i bhfeidhm ar na moltóirí lena nguth, lena bpearsantacht agus lena n-uaillmhian. Deir lucht déanta an chláir go bhfuil neart tallainne agus éagsúlachta le feiceáil i measc iomaitheoirí na bliana seo agus go mbeidh go leor iontas ann de réir mar a rachaidh an comórtas ar aghaidh.