
Déirín Dé, Déirín Dé,
Tá’n gabhar donn ag labhairt sa bhfraoch,
Déirín Dé, Déirín Dé,
Tá na lachain a’ screadach sa bhféith.
Déirín Dé, Déirín Dé,
Gabhfaidh ba siar le héirí an lae.
Déirín Dé, Déirín Dé,
Is rachaidh mo leanbh á bhfeighilt ar féar
Déirín Dé, Déirín Dé,
Éireoidh gealach is rachaidh grian fé.
Déirín Dé, Déirín Dé,
‘S tusa mo leanbh ‘s mo chuid den saol.
Déirín Dé, Déirín Dé,
Ligfead mo leanbh a’ piocadh sméar.
Déirín Dé, Déirín Dé,
Codladh go sámh go fáinne’n lae.