
Cóilín Duffy Tá deireadh curtha ag Lewie Chiaramello, Heba Muraisi agus Kamran Ahmed le stailc ocrais Tá deireadh curtha ag triúr ghníomhaithe den ghrúpa Gníomhaireacht na Palaistíne lena stailc ocrais i bpríosún sa Ríocht Aontaithe tar éis 73 lá, agus iad ag maíomh go bhfuil ceann dá bpríomhéilimh comhlíonta ag an rialtas. Is iad Kamran…

Jenna Goulding Bhí slua mór bailithe taobh amuigh de na Cúirteanna Ríoga um Cheartas Dé Céadaoin chun tacaíocht a thabhairt do Liam Óg Ó hAnnaidh, ball den rapghrúpa Kneecap. Bhí JJ O’Dochartaigh, ar a dtugtar DJ Provaí, agus bainisteoir an ghrúpa Daniel Lambert i láthair freisin. Léirigh Teachtaí Parlaiminte Bhéal Feirste, John Finucane agus Paul…
Eoin O Murchú Tá cinneadh déanta ag an tSín an cosc ar mhairteoil na hÉireann a chur ar ceal i ndiaidh chuairt an Taoisigh Micheál Martin ar an tír an tseachtain seo caite. Dúnadh margadh ollmhór na Síne don mhairteoil Éireannach i mí Mheán Fómhair 2024 tar éis cás “neamhghnách” de ghalar na mbó buile…

Jack Mac Íomhair Thosaigh seanargóint ag tús na seachtaine maidir leis an bhrat a bheas in úsáid ag foireann na sé chontae i gCluichí an Chomhlathais a bheas ag tarlú sa tsamhradh i nGlaschú. D’fhógair an foras a dhéanann ionadaíocht ar iomaitheoirí na sé chontae i gCluichí an Chomhlathais, Cluichí an Chomhlachais Thuaisceart Éireann (Commonwealth…

Jenna Goulding Fuair an t-amhránaí traidisiúnta Seán Ó Sé bás Dé Máirt seo caite agus 89 bliain d’aois curtha de aige. Rugadh in 1936 i mBéal Átha Leice i gCorcaigh é. Ba i gcathair Chorcaí a chaith sé formhór a shaoil. Ba ann a chuir sé críoch lena shaol gairmiúil mar oideachasóir, agus é ina…
Cathal Ó Murchú Dar le sonraí a eisíodh maidir leis an gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála, tá 86,300 othar sa bhreis curtha ar liostaí feithimh náisiúnta chun dul faoi scian in ospidéil na 26 contae ag deireadh na bliana 2025, le 894,369 san iomlán ar na liostaí feithimh anois. Ní áiríonn na figiúirí seo 42,033…
Cathal Ó Murchú Leis na hagóidí agus círéibeacha marfacha ar siúl i gcoinne rialtas na hIaráine sa tír sin i láthair na huaire, tá meáin an Iarthair, beagnach in n-iomláine agus d’aonghuth, ag tuairisciú go bhfuil an rialtas ansin ar tí titim. Thosaigh na hagóidí breis agis coicís ó shin ag deireadh mhí na Nollag…
Eoin Ó Murchú Tá fearg ar chúlbhinseoirí Fhianna Fáil mar gheall ar an gcaoi ar labhair an Taoiseach Micheál Martin faoin gconradh trádála Mercosur agus é ar cuairt sa tSín agus an chaoi gur ghéill sé díreach ina dhiaidh nuair ba léir nár aontaigh an rialtas leis. Sa tSín dúirt Martin go raibh a lán…

Eoin Ó Murchú Rabhadh láidir do ECAT, agus do ECAT san Eoraip go háirithe, is ea an buille leis an diúracán Oreshnik lenar scrios an Rúis áis storála gáis in aice le Lviv in iarthar na h Úcráine, 60 ciliméadar ón teorainn leis an bPolainn. D’eitil an diúracán 1,800 km ó Astrakhan ar an Muir…
Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie Dé hAoine an 16 Eanáir Gligíní na nDéise10 go 11.30 amIonad Pobail na RinneÁisitheoirí Siobhán Ní Chonaill agus Doireann Nic MhurchadhaIonad Pobail na RinneEolas Rebecca 085-2198739 nó 087-7219721Clárú rebecca@tuismitheoiri.ieArna eagrú ag Tuismitheoirí…