Bliain úr, ach an argóint chéanna

Jack Mac Íomhair

Thosaigh seanargóint ag tús na seachtaine maidir leis an bhrat a bheas in úsáid ag foireann na sé chontae i gCluichí an Chomhlathais a bheas ag tarlú sa tsamhradh i nGlaschú.

D’fhógair an foras a dhéanann ionadaíocht ar iomaitheoirí na sé chontae i gCluichí an Chomhlathais, Cluichí an Chomhlachais Thuaisceart Éireann (Commonwealth Games Northern Ireland, CGNI) Dé Luain, go mbeidh a lógó corparáideach in úsáid in áit Mheirge Uladh a bhí in úsáid roimhe seo.

Dúirt siad go ndéanfaidh siad é seo mura bhfaigheann siad treoir ón Tionól maidir le brat. Bhí Meirge Uladh in úsáid ag rialtas cineachta (déabhlóidithe) Thuaisceart Éireann ó 1953 go dtí gur cuireadh deireadh leis an réimeas in 1973.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!