Deis thábhachtach don tír seo as dea-chaidreamh leis an tSín

Eoin O Murchú

Tá cinneadh déanta ag an tSín an cosc ar mhairteoil na hÉireann a chur ar ceal i ndiaidh chuairt an Taoisigh Micheál Martin ar an tír an tseachtain seo caite.

Dúnadh margadh ollmhór na Síne don mhairteoil Éireannach i mí Mheán Fómhair 2024 tar éis cás “neamhghnách” de ghalar na mbó buile a bheith faighte in Eirinn.

Ach i ndiaidh stocaireacht faoin scéal ag rialtas na hÉireann le deireanas, ina measc cuairt an Taoisigh agus misean trádála faoi cheannas an Aire Talmhaíochta, Martin Heydon, i mí Dheireadh Fómhair, tá rialtas na Síne i ndiaidh an cosc a chur ar ceal.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!