Kerron Ó Luain Tá athruithe móra beartais curtha i bhfeidhm ag Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, tar éis dó filleadh ar oifig. Tharraing Trump tacaíocht na Stát Aontaithe siar ó mhargadh cánach domhanda de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), a bhí dírithe ar ráta cánach corparáideach 15% a chur i…
Cathal Ó Murchú Tá breis is 230,000 duine diláithrithe in oirthear an Chongó tar éis don chogaíocht géarú ansin ó thús na bliana seo, dar le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanuithe (UNHCR) i gceann de na géarchéimeanna is measa ar Domhan dar leo. Is sna cúigí Kivu Thuaidh agus Kivu Theas go sonrach…
Jack Mac Íomhair D’ainmnigh Craobh Ghlór na Móna an gníomhaí Ciarán Mac Giolla Bhéin d’uachtaránacht Chonradh na Gaeilge 2025 D’fhógair Craobh Ghlór na Móna, eagraíocht phobail agus óige lonnaithe in Uachtar Chluanaí i mBéal Feirste, Dé Luain go mbeidh siad ag cur Ciarán Mac Giolla Bhéin chun tosaigh do ról Uachtarán Chonradh na Gaeilge in…
Eoin Ó Murchú Cé nach bhfuil fadhbanna na hinimirce agus cúrsaí dídine comh géar is a bhí, is ábhar buartha i gcónaí an méid airgid atá á chaitheamh ag an stát sna réimsí seo. Dar le figiúirí a d’fhoilsigh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige an tseachtain seo, tá timpeall 5 mhilliún sa…
Bill Breathnach Tá an lucht an rialtais nua dóchasach faoi ach tá imní fós ar lucht na stocaireachta Tá cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht luaite sa gclár rialtais den chéad uair le blianta beaga anuas. Tá dóchas ag lucht an rialtais nua go bhféadfadh sé seo athruithe móra a spreagadh. Ach tá grúpaí stocaireachta, cosúil le…
Jack Mac Íomhair Tá Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Hilary Benn, tar éis diúltú don chéad iarratas ó na páirtithe aontachtacha Coscán Stormont a chur i bhfeidhm Bhí na páirtithe aontachtacha ag fanacht go fonnmhar ar fhreagra Rialtas na Ríochta Aontaithe ar a gcéad iarratas Coscán Stormont a chur i bhfeidhm. Dé Luain dhiúltaigh an rialtas don…
Dé Céadaoin seo caite an 15 mí Eanáir tarraingíodh an múinteoir meánscoile Daithí Mac an Bhaird os comhair na cúirte in Inis as bheith i mbun agóide i mí na Samhna ag Aerfort na Sionainnei gcoinne eitleán cogaidh Mheiriceá ag dul tríd. Labhair Cathal Ó Murchú ó An Páipéar leis. An Páipeár: Anois a Dhaithí,…
Diarmuid Breatnach Fógraíodh sos comhraic i Stráice Gaza le tosú maidin Dé Domhnaigh an 19 Eanáir. Rinneadh malartú na ngiall ón dá thaobh, triúr ban Iosraelach ar son 90 bean agus páiste Palaistíneach, ina measc dlíodóir, iriseoirí, oibrithe leighis agus oibrí cosanta shibhialta, cuid mhaith acu gan pianbreith dá laghad curtha orthu. Ba léir gurb…
Eoin Ó Murchú An raibh tú ar imeall do chathaoireach ag tnúth le heolas faoi na cainteanna le rialtas nua a bhunú? An raibh tú éiginnte go dtí an nóiméad deiridh an dtiocfadh Fianna Fáil agus Fine Gael le chéile nó an mbeadh siad in ann socrú a aontú leis na neamhspleáigh réigiúnacha? Ní raibh?…
Glanadh an Earraigh A Eagarthóir, a chara, Gach bliain tagann mí Eanáir agus gach bliain nílim réidh dó! Tagann Eanáir, le stoirm agus beagáinín fuachta. Bím ag suí síos ag breathnú isteach i mo chupán tae, nó ag scríobh liostaí fada “le déanamh”; nó níos measa fós, ag gruaimscrolláil ar fhiseáin YouTube. ‘Caithfidh me leanúint…