Gníomhaí eanga agus pobail aitheanta curtha chun tosaigh d’uachtaránacht Chonradh na Gaeilge

Jack Mac Íomhair 

D’ainmnigh Craobh Ghlór na Móna an gníomhaí Ciarán Mac Giolla Bhéin d’uachtaránacht Chonradh na Gaeilge 2025

D’fhógair Craobh Ghlór na Móna, eagraíocht phobail agus óige lonnaithe in Uachtar Chluanaí i mBéal Feirste, Dé Luain go mbeidh siad ag cur Ciarán Mac Giolla Bhéin chun tosaigh do ról Uachtarán Chonradh na Gaeilge in 2025. Is comhordaitheoir pleanála teanga é Ciarán Mac Giolla Bhéin le Fís an Phobail i mBéal Feirste agus nasc daingean aige le pobal na Gaeilge sa chathair. 

D’fhás Ciarán aníos i mBéal Feirste agus d’fhreastail sé ar Bhunscoil Phobal Feirste, chomh maith le Meánscoil Feirste. Is feachtasóir ar son na teanga é a shaol ar fad, agus bhí sé i lár an aonaigh mar dhuine de bhunaitheoirí an Dreama Dheirg.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!