Cathal Ó Murchú Dar le sonraí a eisíodh maidir leis an gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála, tá 86,300 othar sa bhreis curtha ar liostaí feithimh náisiúnta chun dul faoi scian in ospidéil na 26 contae ag deireadh na bliana 2025, le 894,369 san iomlán ar na liostaí feithimh anois. Ní áiríonn na figiúirí seo 42,033…
Cathal Ó Murchú Leis na hagóidí agus círéibeacha marfacha ar siúl i gcoinne rialtas na hIaráine sa tír sin i láthair na huaire, tá meáin an Iarthair, beagnach in n-iomláine agus d’aonghuth, ag tuairisciú go bhfuil an rialtas ansin ar tí titim. Thosaigh na hagóidí breis agis coicís ó shin ag deireadh mhí na Nollag…
Eoin Ó Murchú Tá fearg ar chúlbhinseoirí Fhianna Fáil mar gheall ar an gcaoi ar labhair an Taoiseach Micheál Martin faoin gconradh trádála Mercosur agus é ar cuairt sa tSín agus an chaoi gur ghéill sé díreach ina dhiaidh nuair ba léir nár aontaigh an rialtas leis. Sa tSín dúirt Martin go raibh a lán…

Eoin Ó Murchú Rabhadh láidir do ECAT, agus do ECAT san Eoraip go háirithe, is ea an buille leis an diúracán Oreshnik lenar scrios an Rúis áis storála gáis in aice le Lviv in iarthar na h Úcráine, 60 ciliméadar ón teorainn leis an bPolainn. D’eitil an diúracán 1,800 km ó Astrakhan ar an Muir…
Tá margadh trádála Mercosur glactha ag formhór na ballstát san Aontas Eorpach, cé go raibh Rialtas na hÉireann ina aghaidh. Bhí dhá phríomhfháth ann go raibh na feirmeoirí anseo in aghaidh an mhargaidh trádála seo, is é sin go mbeidh sé ag tabhairt níos mó comórtais isteach sa mhargadh i dtaobh mairteola de, agus dá…
Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie Dé hAoine an 16 Eanáir Gligíní na nDéise10 go 11.30 amIonad Pobail na RinneÁisitheoirí Siobhán Ní Chonaill agus Doireann Nic MhurchadhaIonad Pobail na RinneEolas Rebecca 085-2198739 nó 087-7219721Clárú rebecca@tuismitheoiri.ieArna eagrú ag Tuismitheoirí…

Cóilín Duffy Bhí ról fíorthábhachtach ag Coláiste Naomh Eoin ó Inis Meáin i mbliana ag Taispeántas an Eolaí Óig, áit ar chuir an scoil ceithre thionscadal as Gaeilge faoi bhráid an chomórtais, éacht ar leith don aon Ghaelscoil sa tír a rinne amhlaidh i mbliana. Ní hamháin sin, ach ba é Coláiste Naomh Eoin an…
Pádraig de Burca Idir an tseanchloch agus an sruth digiteach: 2025, bliain sna healaíona Agus deireadh na bliana 2025 sroichte againn, is léir go bhfuil earnáil na n-ealaíon in Éirinn tar éis teacht slán as tréimhse éiginnteachta le fuinneamh úr. Ba bhliain í inar fhill an earnáil ar an stair, ó oidhreacht amhairc Harry Clarke…

Jenna Goulding Bhuaigh Jessie Buckley Gradam Golden Globe don bhanaisteoir is fearr as a ról sa scannán Hamnet ag searmanas na bliana seo i Los Angeles. Thréaslaigh an tUachtarán Catherine Connolly le Buckley. I ráiteas a eisíodh, dúirt an tUachtarán gur aitheantas thar barr é an gradam ar shaothar eisceachtúil Buckley agus ar ar rath…

Sraith nua de Geantraí le craoladh ina ndéanfar ceiliúradh ar cheol traidisiúnta na hÉireann ar fud na tíre, á cur i láthair ag Pauline Scanlon. Tá Geantraí ar ais don fhicheadú sraith. Is í Pauline Scanlon a chuirfidh an tsraith i láthair, ina ndéanfar ceiliúradh ar thraidisiún beo cheol na hÉireann sa bhaile agus thar…