Dé hAoine an 28 Samhain Gligíní, grúpa spraoi do thuismitheoirí agus leanaíSpraoi, bácáil agus braon tae!2.15 go 3.45 pmGaelcholáiste Chomáin, Ros DumhachTuilleadh eolais ó siobhan@tuismitheoiri.ie nó 085 8339491Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta Oscailt oifigiúil Tearmann Éiru, gairdín nua Ghlór na Móna agus Slí na Sí le Gráinne HollandLéim isteach i ndomhan na daoine maithe…
Cóilín Duffy Bhí bród i bPáirc an Chrócaigh le deanaí nuair a tugadh aitheantas náisiúnta do 54 club ar fud na tíre as a gcuid oibre ar son na Gaeilge ag ócáid bhliantúil Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha (FSMD). Ina theannta sin, bronnadh boinn ar chúig bhord contae a ghlac páirt sa rannóg nua do bhoird,…

Bhí deireadh seachtaine eisceachtúil ag Futa Fata le deanaí agus iad ag ceiliúradh fiche bliain ó bunaíodh an teach foilsitheoireachta cáiliúil i gConamara. Reáchtáladh Seó Mór 2025 in Amharclann Chois Fharraige, áit ar thug páistí ó Scoil Sailearna léiriú beo bríomhar ar shaibhreas leabhar Futa Fata, i dteannta Thadhg Mhic Dhonnagáin, Chaitlín Ní Chualáin agus…

Bronnadh maoiniú beagnach €400,000 ar Aisling Ghéar faoin tríú sruth de Ghradaim Amharclannaíochta na Gaeilge 2025, le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann. Is infheistíocht shuntasach í seo a chuirfidh ar chumas an chompántais drámaíochta léiriú mórscála nua a chruthú agus a thabhairt ar chamchuairt ar fud oileán na hÉireann in…

Jenna Goulding Is feachtas ar líne bríomhar é Trasna na dTonnta, a nascann Gaeilgeoirí agus foghlaimeoirí ar fud an domhain trí cheiliúradh na Gaeilge. Tosóidh sé Dé Luain (1 Nollaig) leis an seoladh oifigiúil, agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí Dé hAoine, le himeachtaí agus ábhar suimiúil do chách. I mbliana, beidh Fondúireacht Ollscoil…

Jenna Goulding Fuair an ball d’Aosdána agus an gníomhaí síochána, Margaretta D’Arcy, bás Dé Domhnaigh seo caite, agus 91 bliain d’aois curtha di aici. Rugadh in 1934 i Londain í. Ba státseirbhíseach é a hathair, Joseph D’Arcy, agus bhí sé ina bhall den IRA i rith Chogadh na Saoirse. D’fhreastail sí ar Choláiste na Tríonóide…

Tá An Páipéar bródúil go bhfuilimid ag foilsiú go heisiach sleachta as an úrscéal nua Spéic na Girsí le Ré Ó Laighléis dár léitheoirí. Tá caibidil eile againn daoibh an tseachtain seo. Ré Ó Laighléis Caibidil 5Buaine agus Flaithiúlacht an Tabhartais Meon na girsí ina chiúin agus fiabhras na smaointeoireachta brúite amach uaithi ag Daire.…

Domhnall Mac Concharraige Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas. Is í Páirc an Chrócaigh ceanncheathrú Chumann Luthchleas Gael. Is staid mhór mhillteach í, suite i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Osclaíodh Páirc an Chrócaigh ar láthair fhaiche spóirt Bhóthar Mhic Sheoin, páirc luthchleasaíochta a cheannaigh an CLG in 1913. Sular ceannaíodh…
Domhnall Mac Concharraige I mír ghramadaí na seachtaine seo beimid ag tabhairt aghaidh ar an gcéad réimniú den aimsir fháistineach. Úsáidtear an aimsir fháistineach chun tagairt do ghníomhartha amach anseo, amárach, an tseachtain seo chugainn, an mhí seo chugainn agus mar sin de. Léigh na rialacha seo thíos agus freagair na ceisteanna a leanas. Rialacha…

An Dr Kerron Ó Luain Tá ainm Troy Parrott go mór i mbéal an phobail le coicís anuas, ó fuair sé tréchleas in aghaidh na hUngáire. Bhí cuid mhór den tír gafa lena dhraíocht an oíche úd. Ach níorbh amhlaidh an scéal i bpócaí áirithe sa tuaisceart. Agus foireann sacair na sé chontae fichead, “Poblacht…