Eoin Ó Murchú Go drogallach tá Iosrael ag glacadh le sos comhraic agus deireadh lena gcogadh in aghaidh na hIaráine, cé nach bhfuil sé cinnte go mairfidh an sos. Tuigeann siad anois an fhírinne nach féidir leo buachan sa chogadh gan rannpháirtíocht na Stát Aontaithe, agus an fhírinne níos tábhachtaí nach dteastaíonn ó Trump leanacht…
Tá an Meánoirthear ina chíor thuathail ag Iosrael arís, agus is cosúil nach bhfuil deireadh leis an scrios agus an bás atá meáite ag Iosrael a fhearadh ar stáit an réigiúin. Tá ionsaí dána místuama déanta ag Iosrael, ag iarraidh réimeas na hIaráine a scrios, agus máistreacht Iosrael ar an réigiún ar fad a chinntiú.…

An Dr. Kerron Ó Luain Tá sé de nós ag na mórmheáin an comhthéacs a bhaint d’eachtraí áirithe, cinn fhoréigneacha go háirithe. Óir, mar a dúirt an teangeolaí agus intleachtóir Noam Chomsky faoi na meáin, déanann siad “teorannú géar ar speictream na dtuarimií inghlactha, ach ceadaíonn siad díospóireacht an-bhríomhar laistigh den speictream sin — spreagann…

Eoin Ó Murchú Meileann muilte Dé go mall ach meileann siad go mín. Níl a fhios agam, ámh, an mar an gcéanna muilte aontachta na heite clé. Go mall, cinnte, ach an mbeidh aontacht ar bith ann ag deireadh an chúrsa? Sea, píosa i ndiaidh a chéile tá aontacht na heite clé ag bailiú nirt.…
Eoin Ó Murchú Tá an Rúis i ndiaidh téarmaí a leagan síos a chuirfeadh deireadh le cogadh na hÚcráine, i ndiaidh do thoscairí ón dá thír bualadh le chéile in Iostanbúl na Tuirce ag tús na seachtaine seo. Tá an Rúis ag iarraidh go mbeidh an Úcráin ina stát neodrach, gan aon bhaint aige le…

Eoin Ó Murchú Níor tugadh mórán airde air sna meáin mhóra, ó dheas ar aon chuma, ach mheas mé go raibh sé spéisiúil gur labhair Colum Eastwood, iarcheannaire Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre (PSDLO), amach ag moladh comhoibriú idir an páirtí sin agus Sinn Féin ar son aontacht na hÉireann. D’iarr sé ar…
Cathal Ó Murchú Nuair a chasann cairde bulaí (más ann dóibh i ndáiríre) i gcoinne an bhulaí, tuigtear go bhfuil an bulaí sin tar éis dul thar fóir agus is é sin an chéad chéim sa titim mhór atá i ndán dóibh. Sa chás seo táimid ag caint faoi na hIosraelaigh agus an cinedhíothú atá…

Eoin Ó Murchú Bhí osna ard faoisimh le clos sa Choimisiún Eorpach nuair a tháinig an toradh isteach ó thoghchán uachtaránacht na Rómáine, agus an bua, más fíor, ag an iarrthóir atá ar son an Aontais Eorpaigh, Nicosur Dan. Sa chéad bhabhta bhí an t-iarrthóir frith-Eorpach, George Simion, go mór chun tosaigh, le 40% in…

Dea-scéal agus drochscéal ó thaobh na heacnamaíochta, ach an rialtas fós ag breathnú ar an scéal gan tuairim ar bith acu céard is ceart a dhéanamh nó céard is féidir a dhéanamh. An dea-scéal ar dtús. Ta na sonraí fós le hoibriú amach ach tá osna faoiseamh ar fud an domhain go bhfuil socrú sealadach…

Eoin Ó Murchú Ní nach ionadh, agus conspóid faoin tithíocht agus an sár a luaitear léi go mór sa nuacht, is é an tithíocht arís an t-ábhar buartha is mó ag an bpobal dar le pobalbhreith a foilsíodh in TheSunday Independent an deireadh seachtaine seo caite. Dúirt 62% den phobal gurb í an tithíocht an…