Eoin Ó Murchú Tá ceardchumainn oibrithe iompair ag lorg gníomhaíocht bhreise leis na hoibrithe a chosaint ó iompraíocht mhíshóisialta. Tá Ceardchumann Náisiúnta na nOibrithe Bus agus Iarnróid (CNOBI) ag lorg reachtaíocht nua le téarmaí príosúnachta níos faide a bheith ar fáil dóibh siúd a ionsaíonn tiománaithe bhus is oibrithe eile iompair. Faoi láthair má chloistear…

Pléann Domhnall Mac Concharraige an fhorbairt nua sa chogadh idir an Rúis agus an Úcráin Dar le Putin géarú ar an gcogadh is ea é diúracáin fadraoin a úsáid. Tharla an ionsaí ATACMS (Army Tactical Missile System) Dé Máirt an 19 Samhain, arb í an 1000ú lá den chogadh. Ba é sin an chéad uair…
Eoin Ó Murchú Buaicphointe na seachtaine ó thaobh nuacht pholaitiúil de ab ea an díospóireacht – dá mba díospóireacht í – ar RTÉ idir deichniúr ceannairí páirtithe. Bhí leagan amach an chláir go hainnis ar ndógh, mar ní féidir díospóireacht idir deichniúr a choinneáil ag dul ar aghaidh go beo. Ghlac na trí mhórpháirtí, Sinn…

Cur síos ar Chomhdháil Bheirlín agus a tionchar ar an Afraic sa lá atá inniu ann Le Cathal Ó Murchú Ceann de na fadhbanna is mó a ghoilleann ar Ilchríoch na hAfraice ná na línte agus na teorannacha a tarraingíodh de dheasca na gabhála a rinne Impireachtaí na hEorpa le linn an Sciobtha ar an…

Rinneadh rún an pháirtí i gComhthionól Stormont a rith agus a phlé le linn na seachtaine Kerron Ó Luain Tá todhchaí Cheathrú na nArdleaglaisí i mBéal Feiste ina cnámh spairne le blianta beaga anuas. Chaith móramh de chomhairleoirí Comhairle Cathrach Bhéal Feirste vóta thiar in 2020 ar son ‘athnuachan’ an cheantair agus ar son an…
Déanann grúpa tithíochta as an nGaeltacht géarcháineadh ar fhorógra olltoghcháin Fhianna FáilLe Bill Breathnach Níl “faic” i bhforógra olltoghcháin Fhianna Fáil a rachadh i ngleic le géarchéim thithíochta na Gaeltachta dar leis an ngrúpa Tinteán. Tá an eagraíocht feachtasaíochta tithíochta tar éis géarcháineadh a dhéanamh ar an gcáipéis “Ag Bogadh Ar Aghaidh le Céile” atá…

Cathal Ó Murchú Dé réir na bpobalbhreitheanna atá á ndéanamh le beagnach bliain anois, tá an chuma ar an scéal go bhfuil an lámh in uachtar ag na sealbhóirí reatha. Tá páirtithe eile san iomaíocht seachas na trí cinn mhóra – an Comhaontas Glas (12 shuíochán), na Daonlathaithe Sóisialta (6 shuíochán), an Lucht Oibre (6…
Sceim aitheantas Glór na nGael ag dul ó neart go neart Tá 134 gnólacht a bhfuil aitheantas GRADAIM Gnó na hÉireann bainte amach acu i mbliana. Tháinig breis agus 250 ionadaí ó na gnólachtaí le chéile ag ócáid speisialta eagraithe ag Glór na nGael i bPáirc an Chrócaigh níos luaithe an tseachtain seo ag ceiliúradh…
Eoin Ó Murchú Más iad cúrsaí tithíochta, cúrsaí sláinte, an costas maireachtála is forbairt na tuaithe na scéalta is mó san fheachtas toghcháin atá ar siúl, níor chóir go ndéanfaimis dearmad ar an neodracht. In ainneoin go séanann siad é, is léir ó ghníomhaíocht an rialtais le tamall fada anois go bhfuil Fine Gael agus…
Is í an chéad aire sinsearach de chuid Shinn Féin a d’fhreastail ar ócáid oifigiúil de chuid Dhomhnach na gCuimhneachán Kerron Ó Luain Leag Céad-Aire an Tuaiscirt, Michelle O’Neill, bláthfhleasc labhrais ag ócáid de chuid Dhomhnach na gCuimhneachán ag Halla na Cathrach, Béal Feirste, an Domhnach seo caite. Ceanglaíodh nóta leis an mbláthfhleasc ar ar…