Feachtas ag tosú chun lonnaíocht Ghaeilge a bhunú i mBaile Bogáin

Caoimhín Ó Cadhla

Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tar éis a fhógairt go bhfuil sé i gceist acu baile nua a bhunú i mBaile Bogáin in eastát tionsclaíochta i bhFionnghlas, Cabrach agus Glas Naíon.  Tá Gaeil ag rá gur chóir lonnaíocht Ghaeilge a bhunú ann. Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go bhfuil ‘spás Gaeilge ag teastáil do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath’.  Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le BÁC le Gaeilge cruinniú poiblí a eagrú chun an t-ábhar seo a phlé agus feachtas a rith chun an t-éileamh a léiriú do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar lonnaíocht Ghaeilge sa bhaile nua seo. Tá comhairliúchán poiblí á rith ag an gComhairle maidir leis an mbaile nua seo a thógáil. Is é spriocdháta an chomhairliúchán seo an 12 Bealtaine.