Jenna Goulding De réir foráil den “bhille mór álainn” a d’achtaigh rialtas Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, beidh ar chuairteoirí sna Stáit Aontaithe “táille ionracais víosa” a íoc. Is é $250 an táille atá beartaithe. Mar sin féin, tá cead Rúnaí Slándála na Tíre Dúchais táille níos airde a shocrú, de réir na forála.…
Cathal Ó MurchúLe coicís anois tá coimheascar teorann ar siúl idir dhá thír in oirdheisceart na hÁise, an Chambóid agus an Téalainn. Tá sos comhraic tar éis teacht i bhfeidhm gan morán athraithe ar an scéal seachas gur bhásaigh 20 saighdiúr ón dá arm agus thart ar an méid céanna sibhialtach sa dá thír. Chomh…
Máirtín Mac Eoin Tá an páirtí nua ar an eite chlé i Sasana, arna chur le chéile ag na feisirí parlaiminte Jeremy Corbyn agus Zarah Sultana, ag dul ó neart go neart le níos mó na leath milliúin duine i ndiaidh clárú leis le trí lá anuas. Tá níos mó daoine cláraithe leis an bpáirtí…

Kerron Ó Luain D’fhoilsigh Rialtas na hÉireann athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta le linn na seachtaine. Leagtar amach san athbhreithniú go mbeidh €275.4 billiúin le caitheamh ar thograí infreastruchtúir idir an bhliain seo chugainn agus 2035. Cuimsítear tithíocht, iompar, sláinte, fuinneamh, bearta aeráide, agus cosaint san athbhreithniú, agus measann tráchtairí áirithe go bhfuil níos…
Sheol an tAire Stáit ag an Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Alan Dillon, an ceathrú Ráiteas Straitéise ón gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC) ar an Deardaoin, dar teideal ‘Deich mBliana Tionchair, Todhchaí na hOibre Cóir agus an Chomhionannais’ Le linn thréimhse an Ráitis Straitéise roimhe seo (2022-2024), cé nach bhfuil aon athrú tagtha…
Eoin Ó Murchú Tugann na figiúirí is deireanaí le fios go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar líon na ndaoine atá ag lorg cosaint tearmainn anseo, agus, mar thoradh air sin, go bhfuil an stró a bhaineann le ceist na hinimirce ag laghdú go mór. Tá sé ráite ag an tAire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan …

Cuirfidh Páirtí an Lucht Oibre tús le vóta a thabhairt do dhaoine in aois sé bliana déag ach tá amhras ann an mbeidh sé i bhfeidhm in am do thoghchán an Tionóil nó na gcomhairlí in 2027 Jack Mac Íomhair D’fhógair Rialtas na Ríochta Aontaithe go mbeidh athrú déanta ar an aois vótála agus beidh…

Cóilín Duffy Thug Raidió Fáilte, stáisiún pobail raidió Gaeilge Bhéal Feirste, aghaidh ar Oileán Mhanann an tseachtain seo mar chuid de mhalartú cultúrtha speisialta faoin gclár Colmcille, a chuireann comhoibriú chun cinn idir cainteoirí Ghaeilge na hÉireann, Ghaeilge na hAlban agus Ghaeilge Mhanann. D’imir Raidió Fáilte ról lárnach in Yn Chruinnaght 2025, féile bhríomhar a…

Eoin Ó Murchú Tá faitíos ar bhunaíocht an Aontais Eorpaigh go bhféadfadh Andrej Babiš toghchán na Seicia a bhuachan i mí Dheireadh Fómhair seo chugainn. Tá páirtí Babiš, ANO, chun tosaigh sna pobalbhreitheanna agus tá Babiš freisin ag dearbhú nach nglacfaidh sé le polasaí an rialtais reatha go n-ardófar caiteachas cosanta 5%, mar tá éilithe…

Cóilín Duffy Tá CLG na Palaistíne tar éis a dhearbhú go bhfuil a dturas samhraidh go hÉirinn curtha ar ceal le “croí trom,” de réir mar a theip ar iarrachtaí ag an nóiméad deiridh víosaí a fháil do 33 páiste agus 14 mheantóir ón mBruach Thiar. Bhí an fhoireann le teacht go hÉirinn inniu (Dé…