Eoin Ó Murchú Deir na gardaí gurbh é an t- onsaí coirloiscthe is baolaí an t-ionsaí a rinneadh ar ionad tearmainn i nDroichead Átha oíche Shamhna. Ar dtús, ceapadh gur caitheadh tinte ealaíne isteach sa teach, ach creideann siad anois gur luathaitheoir ar an staighre ba chúis leis an tine i ndiaidh dóibh breathnú ar…
Tá rabhadh tugtha ag Uachtarán Macra, Josephine O’Neill, go mbeadh “iarmhairtí tubaisteacha” ag baint le cailliúint fhéideartha dhíolúine na níotráití in Éirinn do’fheirmeoirí óga, d’iontrálaithe nua, agus do chothú fadtéarmach na talmhaíochta in Éirinn. Agus í ag labhairt ag cruinniú náisiúnta maidir le díolúine na níotráití a reáchtáladh i margadh an Chairn cóngarach do Mhainistir…

Foilsíodh an dara scagadh comhionannais ag tús na seachtaine maidir le Mórstaisiún Lárnach Bhéal Feirste Jack Mac Íomhair De réir athbhreithniú a rinneadh in Stormont ní chuirfidh comharthaíocht Ghaeilge isteach ar an Bhéarla agus ní dhéanfaidh sí a bheag de ach oiread. Tá cás cúirte ar bun faoi láthair agus achrann ar siúl idir an…
Domhnall Mac Concharraige Tuairiscíodh gur díbríodh 52 duine ón tSeoirsia ar chairteitleán ó Aerfort Bhaile Átha Cliath. I measc na ndaoine sin bhí seachtar páistí. D’fhág an t-eitleán Baile Átha Cliath ag 7 a chlog tráthnóna Dé Máirt an 4 Samhain agus thuirling sé ag 2 a chlog ar maidin. Tuairiscíodh freisin go raibh na…

Eoin Ó Murchú Bhí an-díomá go deo ar mhuintir na ndaoine a fuair bás i nDoire Domhnach na na Fola nuair a fuarthas David Cleary, Saighdiúir F, neamhchiontach i ndúnmharú beirte agus in iarracht cúigear eile a dhúnmharú. Bhí breithiúnas an Bhreithimh Patrick Lynch go han-soiléir agus é ag cáineadh gníomharatha na Reisiminte Paraisúit an…
D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go bhfuil allúntas suas le €493,509 ceadaithe do Mhuintearas Teo chun forbairt leanúnach a dhéanamh ar sheirbhísí óige sna ceantair Ghaeltachta in 2026. Is fochuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta é Muintearas Teo, a bhfuil freagracht air i leith fhorbairt na hóige sa…

Jenna Goulding Bhí agóidí in Aerfort na Sionainne níos luaithe i mbliana mar gheall ar fhórsaí mhíleata na Stát Aontaithe a bheith ag úsáid aerspás na hÉireann. Tá Emma O’Grady ar dhuine de na hagóideoirí a gabhadh i mí na Bealtaine. Bhí Emma ag dul go bainis a col ceathrair i Nua-Eabhrac i mí Lúnasa,…

Cora Droma Rúisc i gContae Liatroma an buaiteoir iomlán ag Gradaim SuperValu Bailte Slachtmhara 2025 Cóilín Duffy Bhain sráidbhaile álainn Charraig Airt i nDún na nGall an príomhghradam Gaeltachta i mbliana ag Gradaim SuperValu TidyTowns, nuair a bronnadh an Gradam Náisiúnta Gaeltachta ar luach €1,500 orthu, chomh maith le bonn óir ar luach €1,000. Moladh…

Domhnall Mac Concharraige A chairde, faoi dheireadh thiar thall tá lá an toghcháin buailte linn agus caithfear an deichiú Uachtarán ar Éirinn a roghnú. Tá na stáisiúin vótála oscailte ó 7 a chlog ar maidin go dtí 10 a chlog san oíche. Moltar plean éigin a bheith agat má tá sé i gceist agat do…

D’óstáil an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn agus a bhean Sabina an fáiltiú tráthnóna tae deiridh dá théarma oifige in Áras an Uachtaráin Dé Céadaoin seo caite. Le 14 bliana anuas tá an tUachtarán Ó hUigínn agus Sabina ag iarraidh an tÁras a oscailt do bhaill den phobal ar bhealach atá ag leathnú i gcónaí.…