Eoin Ó Murchú Tá costas maireachtála fós ina fhadhb mhór ag an-chuid daoine sa stát seo, agus cé go bhfuil maolú ar arduithe phraghas an bhreosla tá deacrachtaí móra i gcónaí ag daoine nach bhfuil sé ar a gcumas na costais a sheasamh. Léiríonn figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh go bhfuil an scéal seo seacht n-uaire…

Domhnall Mac Concharraige Tá sé faighte amach ag An Páipéar go bhfuil ionadaí lánaimseartha de chuid fhórsaí cosanta na hÉireann, Óglaigh na hÉireann, sa Bhruiséil ag ceanncheathrú ECAT. I ríomhphost a seoladh chuig An Páipéar tá sé deimhnithe ag an Roinn Cosanta go bhfuil ionadaí de chuid Óglaigh na hÉireann mar chuid de thoscaireacht na…
Eoin Ó Murchú Tá an ghéarchéim mhúinteoireachta ina hábhar buartha don rialtas agus gan aon leigheas simplí le feiceáil ar an nganntanas múinteoirí, go háirithe ag an dara leibhéal. Anois tuairiscítear go bhfuil oifigigh sa Roinn Oideachais ag déanamh machnaimh faoi mholadh go mbeadh cead ag bunmhúinteoirí cáilithe múineadh ag an dara leibhéal freisin. Ceaptar…
D’fhógair Oifig an Fheidhmeannais go gcuirfear tús oifigiúil le ceapadh an chéad Choimisinéara Gaeilge sna sé chontae. Jack Mac Íomhair Ar an 5 Márta d’fhógair Oifig an Fheidhmeannais i mBéal Feirste go gcuirfidh siad tús le próiseas earcaíochta chun Coimisinéir Gaeilge a cheapadh. Ritheadh an tAcht Féiniúlachta agus Teanga in 2022 in Westminster. Mar chuid…

Kerron Ó Luain Tá sé beartaithe ag an Roinn Tithíochta i mBaile Átha Cliath tabhairt faoi tháillí uisce arís. Cé go ndúradh i ráiteas leo ‘nach raibh aon phleananna’ acu táillí ar son ‘ró-úsáid uisce’ a thabhairt isteach agus ‘nach raibh siad luaite sa Chlár Rialtais’, is cosúil go bhfuil neart oibre ar bun sa…

Tá sé fógartha ag Bord TG4 le cead an Rialtais go bhfuil Deirdre Ní Choistín ceaptha mar Ard-Stiúrthóir ar TG4 tar éis próiseas earcaíochta poiblí iomaíoch. Tiocfaidh sí i gcomharbacht ar Alan Esslemont atá ina Ard-Stiúrthóir ar TG4 ó 2016 agus atá ag éirí as i Mí Aibreáin 2025. Beidh sí ar an gceathrú ceannasaí…
Táthar ag súil go mbeidh an tIRA Úr, grúpa atá freagrach as ar a laghad 7 ndúnmharú, ag fógairt sos comhraic tar éis cainteanna le Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe. Jack Mac Íomhair Tá an tIRA Úr i mbun cainteanna i gcomhair sos comhraic tar éis brú ar an ghrúpa ó MI5…

Amy Ní Riada Trí bliana ó shin bhí Niall Mac Giobúin agus a phairtí, Maya, lonnaithe san Iodáil le radharcanna áille, bia blasta agus aimsir ghléigeal ar an doras acu. Ach níor leor é don fhear óg arb as Contae na Mí ó dhúchais dó. Bhí fonn air filleadh abhaile go hÉirinn ach, de dheasca…

Tá tacar de cheithre stampa ildaite eisithe ag An Post mar cheiliúradh ar Fhéile Pádraig agus ar an lá saoire náisiúnta (17 Márta) a thugann ómós do Naomh Pádraig, naomhphátrún na hÉireann. Léiríonn na stampaí an téama a bhaineann le féile ealaíon, cultúir agus oidhreachta na hÉireann na bliana seo i lár chathair Bhaile Átha…

Cathal Ó Murchú Rinne an Ríocht Aontaithe dlí a achtaíodh sa bhliain 1737 a aisghairm, dlí a chuir cosc ní hamháin ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna, ach a rinne cion coiriúil de. D’fhógair Hilary Benn Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann, go raibh sé chun fáil réidh leis an dlí seo, gníomh a thagann sna sálaí…